Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán agus Sabina Higgins ina n-óstaigh do chomóradh 75 bliain den Uachtaránacht

Dáta: Sat 1st Mei, 2013 | 15:00

Bhí an tUachtarán Michael D. Higgins agus Sabina Higgins ina n-óstaigh ag ócáid in Áras an Uachtaráin tráthnóna (7.30) chun cothrom an 75ú bliain d’insealbhú Chéad Uachtarán na hÉireann faoi Bhunreacht na hÉireann 1937 a chomóradh. Chuaigh an tUachtarán Dubhghlas de hÍde i gcionn oifige ar an 25 Meitheamh 1938.

I láthair bhí na hiarUachtaráin Mary Robinson agus Máire Mhic Giolla Íosa, i gcuideachta a gcéilí, An tUasal Nick Robinson agus an Dr. Máirtín Mac Giolla Íosa. I láthair chomh maith bhí ionadaithe chlanna na n-iarUachtarán Dubhghlas de hÍde, Seán T. Ó Ceallaigh, Eamon de Valera, Erskine Childers, Cearbhall Ó Dálaigh agus Pádraig Ó hIrghile.

Ag labhairt dó tráthnóna dúirt an tUachtarán Higgins:

“Bhí Sabina agus mé féin den tuairim go raibh sé tábhachtach an cothrom lae speisialta seo a chomóradh; tá sé 75 bliain ó insealbhaíodh Uachtarán na hÉireann agus ó tháinig sé chuig Áras an Uachtaráin, arb é áit chónaithe Uachtarán na hÉireann fós é. Tá an-áthas orainn go raibh na hiarUachtaráin Mary Robinson agus Máire Mhic Giolla Íosa ábalta a bheith inár gcuideachta, in éineacht lena gcéilí Nick agus Máirtín faoi seach. Táim buíoch go raibh ionadaithe chlanna de hÍde, Uí Cheallaigh, de Valera, Uí Dhálaigh, Childers agus Uí Irghile in ann a bheith linn anseo, agus tá áthas faoi leith orm go bhfuil Méabh Bean Uí Irghile i láthair”.

Lean an tUachtarán air agus dúirt:

“Agus mé ag smaoineamh ar an mbealach a chomhlíon an t-ochtar insealbhóirí a bhí romham dualgas seirbhíse oifig na hUachtaránachta, mothaím go láidir gur thug gach aon duine díobh a gcuid tallann, scileanna, taithí saoil agus a mbraistint idéalachais chuig an oifig. Chomhlíon siad a ndualgais le linn tréimhsí ar leith ina raibh dúshláin agus cúinsí sainiúla. Sna comhthéacsanna éagsúla sin bhí srianta ar leith chomh maith le deiseanna.  Is cuid thábhachtach de chreatlach ár mbunreachta, dár stair agus dár n-oidhreacht atá in Oifig Uachtarán na hÉireann, agus aithnítear go forleathan an ról a bhí ag ár n-Uachtaráin roimhe seo ina múnlú agus ina forbairt.”