Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cóisir Gairdín le téama Lá Bloom á óstáil ag an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ag Áras an Uachtaráin

Dáta: Dom 18th Mei, 2023 | 18:16

Fógraíonn an tUachtarán go mbeidh inscríbhinn de ‘A Flower Given To My Daughter’ scríofa ag James Joyce dá iníon Lucia, le suiteáil ar leac chuimhneacháin ag uaigh James agus Nora i Reilig Fluntern, in Zurich. 

Déanann imeacht na bliana seo ceiliúradh freisin ar Sheán O’Casey agus céad bliain caite ón dráma ‘The Shadow of a Gunman’. 

Is í ócáid an lae inniu an chéad cheann de sé Chóisir Gairdín agus ceolchoirm amháin le bheith ar bun san Áras sna seachtainí amach romhainn. 

Tráthnóna inniu, d’óstáil an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín an chéad cheann de sé Chóisir Ghairdín, agus cuirfear deireadh leis an tsraith le ceolchoirm in Áras an Uachtaráin. Beidh na Cóisirí Gairdín ar siúl thar na seachtainí amach anseo, le gnó eile an Árais curtha san áireamh.  

Mar a rinneadh blianta eile, cuireadh tús le Cóisirí Gairdín na bliana le hócáid a raibh téama Lá Bloom aici, le ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar James Joyce. 

Ag an imeacht úd, d’fhógair an tUachtarán Ó hUigínn, i gcomhlíonadh a ghealltanais do gharmhac Joyce, Stephen Joyce, go mbeadh inscríbhinn de ‘A Flower Given To My Daughter’, scríofa ag James Joyce dá iníon, le suiteáil ar leac chuimhneacháin ag uaigh Nora agus James i Reilig Fluntern in Zurich i gceann cúpla seachtain. 

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

“As na mná ar fad a raibh tionchar acu ar Joyce, is í a iníon Lucia agus a sárchumas ealaíonta is mó a bhfuil aitheantas tuillte aige, cibé chomh déanach. Ar an 12 Nollaig seo caite, bhí 40 bliain caite ó fuair Lucia bás i Northampton, Sasana.  

Tá áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil mian gharmhac Joyce, Stephen Joyce, le fíorú agus cead faighte ar deireadh le hinscríbhinn de ‘A Flower Given To My Daughter’, scríofa ag James Joyce do Lucia, a shuiteáil ar uaigh Nora agus James i Reilig Fluntern in Zurich. Léirigh Stephen Joyce in go leor comhráite liom sular cailleadh é, cé chomh tábhachtach is a bhí seo dó, agus táim an-sásta go mbeidh leac chuimhneacháin do Lucia, leis an dán suiteáilte uirthi, le cur san uaigh sna seachtainí atá romhainn. Mo bhuíochas le gach éinne a bhí páirteach, agus cabhrach.

Mo bhuíochas faoi leith le húdaráis Zurich. Is mar seo a leanas a bheidh sé le léamh:

“Frail the white rose and frail are
Her hands that gave
Whose soul is sere and paler
Than time’s wan wave. Rosefrail and fair — yet frailest
A wonder wild
In gentle eyes thou veilest,
My blue-veined child.”

Mar bhean óg, bhí cáil ar Lucia mar ealaíontóir eiseamláireach a raibh an-ghealladh fúithi agus tharraing a léiriú damhsa comhaimseartha go leor cainte i bPáras, i ndeisceart na Fraince agus san Iodáil. In ainneoin seo, áfach, is minic a bhíonn an aidiacht ‘achrannach’ le feiceáil i ndiaidh a hainm agus dá bharr déantar beag is fiú dá mórshaothar luath.  

Mar a scríobh a hathair, “Cibé bua nó splanc atá ionam, tá sé curtha ar aghaidh ag Lucia agam agus tá sí spreagtha aige”, cé gur admhaigh sé gur “nuálaí a bhí inti”, nár tuigeadh i gceart í ag an am.  

Caithfear taithí na mná le meabhairghalar, go sonrach 30 bliain a chaith sí in ospidéil síciatracha éagsúla, a lonnú i gcomhthéacs i bhfad níos leithne – mar chaibidil de scéal mná eiseamláirí ar cuireadh faoi chois go héagórach í.  

Anuas ar cheiliúradh a dhéanamh ar shaothar Joyce, bhí ceiliúradh ag ócáid na bliana seo ar shaothar Seán O’Casey freisin, le céad bliain caite ó ‘Shadow of a Gunman’, an chéad eagrán de thríológ iontach Átha Cliath O’Casey. 

Le ceiliúradh a dhéanamh ar an ócáid, léigh Saidhbhín Uí Uigínn píosa O’Casey ar Arm Cathartha na hÉireann, chomh maith le léiriú Smashing Times Theatre Company de ‘O’Casey’s Women’, a dhéanann suntas de thionchar na mban ar O’Casey. 

I measc na dtaibheoirí eile ag an imeacht, a raibh Tom Dunne ina fhear an tí aige bhí: Kilda, Simon Morgan agus Julie Feeney a raibh Vincent Lynch agus Richie Buckley ina dteannta; Il Coro Italiano di Dublinol, chomh maith le healaíontóirí eile nach iad.