Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Uair ar son an Domhain 2020

Dáta: hAo 27th Már, 2020 | 12:32

Dé Sathairn, 28 Márta, casfar as na soilse in Áras an Uachtaráin. Mar a rinne siad sna blianta roimhe seo, tá sé iarrtha ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus Saidhbhín go gcasfaí as gach solas nach bhfuil gá leis in Áras an Uachtaráin ó 8.30 pm go 9.30 pm, chun “Uair ar son an Domhain” a chomóradh.

Is ócáid dhomhanda ar son na dlúthpháirtíochta maidir le gníomhú ar son na haeráide atá in Uair ar son an Domhain, nuair a chasfar as na soilsí in os cionn 350 de na sainchomharthaí is aitheanta ar domhan, amhail Túr Eiffel, an  Empire State Building agus Áras Ceoldrámaíochta Sydney, agus sna milliúin tithe cónaithe chomh maith.

Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

“Tá iarrtha agam féin agus Saidhbhín go gcasfaí as na soilse in Áras an Uachtaráin ar mhaithe le “Uair ar son an Domhain”, chun aird a tharraingt ar an ngá le gníomhú go práinneach ar mhaithe leis an aeráid.

Tá an saol crua faoi láthair agus an pobal idirnáisiúnta ag troid chun an víreas COVID 19 a cheansú agus a scrios. Tá cruatan á fhulaingt ag cuid mhaith daoine de bharr na paindéime domhanda, agus léiríonn sé an chaoi a bhfuil ár saolta agus ár leochaileachtaí fite fuaite ina chéile.

Ach an oiread le dúshláin dhomhnada a bhfuil a lorg fágtha ar ár ndaonnacht, tá dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus gníomhú comhordaithe de dhíth sa troid in aghaidh an choróinvíris. Is uair shiombalach atá san Uair ar son an Domhain agus cuireann sí i gcuimhne dúinn go bhfuil an cumas sa duine athrú suntasach a dhéanamh agus tugann cuireadh do gach duine ar an bpláinéad machnamh a dhéanamh ar an tionchar atá againn ar an Dúlra.

Bainimis úsáid as dorchadas “Uair ar son an Domhain 2020” chun machnamh a dhéanamh ar bhealaí le deireadh a chur leis an ngéarchéim reatha, agus na cineálacha beartas agus cleachtas a chur i bhfeidhm, ar gach leibhéal, ar féidir leo úsáid níos fearr a bhaint as an áilleacht iontach ar ár bpláinéad comhroinnte ach leochaileach.”