Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Comhghairdeas déanta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn le Máire Mhic Róibín ar a ceapadh mar Chathaoirleach na Seanóirí

Dáta: hAo 2nd Sam, 2018 | 12:35

Comhghairdeas déanta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn le Máire Mhic Róibín ar a ceapadh mar Chathaoirleach na Seanóirí

Tá comhghairdeas déanta ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn le Máire Mhic Róibín ar a ceapadh mar Chathaoirleach na Seanóirí.

 “Is dea-theist ar an ardmheas atá ar Mháire Mhic Róibín ar an leibhéal domhanda a ceapadh mar Chathaoirleach na Seanóirí, agus is údar inspioráide agus ábhar bróid i gcónaí í do mhuintir na hÉireann. Beidh Máire Mhic Róibín ag cur leis an obair a rinne Kofi Annan, an tArd-Easpag Desmond Tutu agus Nelson Mandela ina ról nua, agus í ag tabhairt faoi thairbhe a bhaint as críonnacht agus taithí an oiread sin daoine den scoth chun dul i ngleic leis na dúshlain mhóra atá romhainn ar domhan.

Mar gheall ar a taithí leitheadach agus a hionchur pearsanta, acadúil agus feidhmiúcháin i réimsí Chearta an Duine, an Chórais Iltaobhaigh, na hAfraice, an Mheánoirthir agus go háirithe an Cheartais Aeráide, tá buntáiste aici i dtreorú na Seanóirí agus a nguth láidir, neamhspleách á chothabháil acu chun leas coiteann an chine dhaonna a chur chun cinn agus na cearta daonna uilíocha a roinnimid go léir lena chéile a chosaint. Ar son mhuintir na hÉireann, déanaim comhghairdeas le Máire Mhic Róibín ar a ceapadh agus guím gach rath uirthi ina ról nua.”