Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán comhghairdeas le Fionnuala Britton agus le Foireann Thrastíre na hÉireann

Dáta: Sat 1st Nol, 2012 | 15:25

Dúirt an tUachtarán Micheal D. Higgins inniu

“Ba mhaith liom mo chomhghairdeas dílis a dhéanamh le Fionnuala Britton as an sáréacht a rinne sí agus Craobh Thrastíre na hEorpa a choinneáil ag an deireadh seachtaine. Léirigh sí sármhisneach agus tiomantas agus í i mbun reatha faoi chúinsí fíordheacra.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chomh maith le comhghairdeas a dhéanamh lena comhghleacaithe foirne Linda Byrne, Ava Hutchinson, Lizzie Lee, Sarah McCormack agus Sara Treacy, as éacht iontach a dhéanamh agus an t-imeacht foirne a bhuachan. Guím gach rath ar na lúthchleasaithe sin agus ar na daoine eile atá bainteach leo ag Craobh Domhanda an Ráis Thrastíre an bhliain seo chugainn”