Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Tréaslaíonn an tUachtarán le Conradh na Gaeilge agus 125 bliain caite ónar bunaíodh é

Dáta: Mái 31st Iúi, 2018 | 12:36

Tá an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, tar éis tréaslú go mór le Conradh na Gaeilge ar an lá ceiliúrtha seo (31 Iúil), 125 bliain ónar bunaíodh é. 

"Mar náisiún, táimid go mór faoi chomaoin agDubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill, beirt fhear a thuig go raibh an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach i gcoiteann go mór i mbaol sa leathchéad bliain sin i ndiaidh slad an Ghorta Mhóir. Le bunú Chonradh na Gaeilge, leagadar an bhunchloch ar ar tógadh an ghlúin réabhlóideach agus a bhfís chun Éire neamhspleách a bhaint amach. Dhírigh an Conradh, thar na blianta ó shin, ar an nGaeilge a choimeád slán agus ar a húsáid a chur chun cinn. Tá an Conradh fós gníomhach fud fad na tíre agus i gcéin, ag tabhairt tacaíochta dóibh siúd atá báúil don Ghaeilge agus ag meabhrú do rialtais agus d’údaráis phoiblí go bhfuil cearta teanga ag pobal na Gaeilge nach féidir a shárú. Bhí sé mar phribhléid agam, mar Uachtarán na hÉireann, mo thacaíocht a thaispeáint don Ghaeilge agus don Chonradh i mbliana agus mé i m’éarlamh ar Bhliain na Gaeilge 2018. Molaim go mór Conradh na Gaeilge agus guím gach rath orthu ina n-iarrachtaí sna blianta atá le teacht."