Cuairt Oifigiúil Uachtarán Feidearálach Phoblacht na hOstaire, Dr Heinz Fischer agus Margit Fischer
Dáta: Céa 1st Dei, 2014 | 12:44
Tugtar cuireadh do na meáin an t-ord searmanais in onóir chuairt oifigiúil Uachtarán Feidearálach Phoblacht na hOstaire, Dr Heinz Fischer agus Bean Fischer ar Éirinn, Dé Luain 6 Deireadh Fómhair in Áras an Uachtaráin, a chlúdach.
Deiseanna do na meáin mar seo a leanas:
1. 4pm: Teacht A Sh. Dr Heinz Fischer agus Bean Fischer, agus an tUachtarán Higgins agus a bhean, Sabina, ag bualadh leo ar an gcairpéad dearg
2. 4.02pm: Leabhar na gcuairteoirí á shíniú ag A Sh. Dr Heinz Fischer sa Pharlús Stáit (grianghrafadóirí oifigiúla amháin)
3. 4.03pm: Fótagraf den cheathrar príomhaithe sa Pharlús Stáit (grianghrafadóirí oifigiúla amháin)
4. 4.07pm: Déanann A Sh. Dr Fischer cigireacht ar an nGarda Onóra agus buaileann le Buíon Fáiltithe na hÉireann
5. 4.45pm: An Ceathrar Príomhaithe ag siúl ar an aibhinne i dtreo an ionaid phlandála crainn
6. 4.46pm: Cuireann A Sh. Dr Heinz Fischer dair ghaelach i gcuideachta an Phríomhgharraíodóra
7. 5.10pm: Fágann an tUachtarán agus Sabina Higgins slán
CREIDIÚNÚ: Ní mór do lucht na meán a bheith i láthair ag 3.30pm go pointeáilte. Cláraigh, más é bhur dtoil é, le Sarah Martin roimh 10am Dé Luain, 6 Deireadh Fómhair. R-phost: [email protected] / Teil: 087 7410788
NOTA CHUIG EAGARTHÓIRÍ GRIANGHRAF: Scaoilfidh Maxwell Photography íomhánna den Dinnéar Oifigiúil in onóir A Sh. Dr Heinz Fischer agus A S Bean Fischer tráthnóna Dé Luain.