Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht ón Uachtarán Ó hUigínn do Lá Domhanda an Raidió 2023

Dáta: Lua 13th Fea, 2023 | 17:59

"Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom gach dea-mhéin a ghuí orthu siúd ar fad atá i mbun ceiliúrtha inniu ar an 13ú EOECNA Lá Domhanda an Raidió.
 
Is é ‘Raidió agus Síocháin’ téama na bliana seo, agus is meabhrúchán tráthúil é an téama seo de ról lárnach na meán i gceadú an phlé a sheachnaíonn bagairt an fhoréigin, agus an ról speisialta a ghlactar in am na coimhlinte, chomh maithe leis an mbunriachtanas maidir le faisnéis neamhchlaonta ar féidir brath air. Feidhmíonn na meáin freisin trí pheirspictíochtaí éagsúla a bhailiú le chéile don phlé. 
 
B’uirlis chumhachtach i gcónaí é an raidió i dtíortha a raibh an pobal ag streachailt le héiginnteacht bia. Dá bharr, éascaíodh scaipeadh an eolais agus trédhearcacht an chúnaimh. 
 
Is féidir leis an raidió pobail ról sainiúil a ghlacadh i dtaca leis seo. Maireann an tsíocháin in intinn na saoránach agus cothaíonn an raidió pobail í seo trí dhaoine a bhailiú le chéile le plé a dhéanamh agus le héisteacht lena chéile, ag neartú caidreamh agus ag tógáil ar mhianta comhroinnte.
 
Guím gach rath ar na stáisiúin raidió ar fad, in Éirinn agus níos faide i gcéin, atá i mbun na hoibre tábhachtaí seo."