Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar an Reifreann sa tSile

Dáta: Lua 26th Dei, 2020 | 11:44

Teachtaireacht ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoin vóta daonlathach stairiúil sa tSile ina raibh ollbhua i bhfábhar bunreachta nua a thiocfaidh in áit Bhunreacht 1980 an Ghinearáil Pinochet.

"Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le muintir na Sile as an vóta daonlathach stairiúil a tharla inné (Dé Domhnaigh 25 Deireadh Fómhair).

Ba chinniúnach an cinneadh bunreacht nua a chur in áit bhunreacht 1980, arbh fhoinse bháis, chéasta agus an iliomad mí-úsáidí ceart daonna a bhí ann. Ba mhaith liom mo bheannachtaí a thabhairt do mhuintir na Sile agus do na hionadaithe a roghnóidh siad chun an obair sin a chur i gcrích agus guím gach rath orthu agus bunreacht nua á aontú acu a léireoidh mianta, dóchas agus riachtanais gach saoránach agus pobal ar fud na tíre. Tá a fhios agam, freisin, gurb é mian an tromlaigh an obair sin a chur chun cinn in atmaisféar nach mbeidh aon fhoréigean de chineál ar bith ann. 

Tugaim chun cuimhne le cion an chuairt ba dheireanaí a thug mé ar an tSile mar Uachtarán in 2012, agus go háirithe an t-am a raibh mé i mo bhreathnóir idirnáisiúnta sa tSile nuair a tharla vótáil stairiúil eile in 1988, nuair a chuathas i gcomhairle ríthábhachtach le muintir na Sile faoina thitfeadh amach dá leanfaí leis an deachtóireacht. Bhí mé i mo 'Observador Uno' sa phróiseas sin agus d'fhéach mé ar an vótáil in Punto Arenas agus ar an gcomhaireamh féin in Santiago, leis an Iar-Aire Muñoz, i measc daoine eile.

Agus an tSile ag tabhairt faoi chonair bhunreachtúil nua agus síochánta, táimidne in Éirinn ag súil lenár dtaithí a roinnt leo, lena n-áirítear leasú bunreachta, agus lenár bpáirtíocht agus ár gcairdeas a neartú, rud atá ina shainghné ag an gcaidreamh cairdiúil idir an dá mhuintir.

Tá an-áthas orm go bhfuil caidreamh déthaobhach den scoth idir Éire, a bhfuil ceangal fada aici leis an tSile, agus rialtas agus pobail na Sile, caidreamh a doimhníodh le hoscailt chéad-Ambasáid na hÉireann in Santiago anuraidh.

Tugaim mo ghean do mhuintir na Sile agus a dteaghlaigh atá ina gcónaí in Éirinn."