Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht ó Mhicheál D. Ó hUigínn Uachtarán na hÉireann ar Lá Domhanda na Fealsúnachta

Dáta: Déa 21st Sam, 2019 | 11:36

I ráiteas a eisíodh ó Áras an Uachtaráin inniu, thug an tUachtarán Ó hUigínn le tuiscint go raibh suntas ar leith ag baint le comóradh Lá Domhanda na Fealsúnachta 2019 i mbliana, maidir leis na dúshláin agus na deiseanna atá ann in 2019 agus sna blianta beaga amach romhainn. 

 

“Tá filleadh tromchúiseach ar an míleatachas agus ar an gcoimhlint, seandeighiltí athnuaite, coimhlintí nua faighte, an taidhleoireacht á lagú agus an bonn á bhaint ón iltaobhachas, ach fós tá léas dóchais ann agus admháil le brath go gcaithimid ár gceangal idir an geilleagar, an tsochaí agus an éiceolaíocht a athrú, pé áit ina bhfuilimid inár gcónaí, agus tá tacaíocht idirghlúine spreagúil ann do na hathruithe sin a chaithfimid a dhéanamh le chéile.

 

Inniu, agus Lá Domhanda na Fealsúnachta á chomóradh ar fud an domhain, iarrtar orainn tábhacht na smaointeoireachta cruthaithí agus criticiúla a thabhairt chun cuimhne mar bhunluachanna ár sochaí, mar phrionsabail a chuireann bonn eolais faoin saol a mhairimid lena chéile ar phláinéad leochaileach agus faoin ngá cúram a dhéanamh de agus dá chéile.

 

De réir mar a bhíonn ár sochaithe ag streachailt níos mó le tionchar na barraíochta eolais agus le bréageolas a scaiptear amanna d’aon turas, ní raibh sé riamh chomh soiléir go gcaithfí idirdhealú a dhéanamh idir faisnéis, eolas agus tuiscint.

 

Cuireann Lá Domhanda na Fealsúnacht an ceangal idir cineálacha agus foinsí na heitice agus an eolais, luach na súile criticiúla agus na ceiste dea-churtha i gcuimhne dúinn chomh maith, tríd an gcumas ní hamháin iontas a dhéanamh, rud a cheistiú agus dúshlán a thabhairt ach machnamh a dhéanamh ar léargas daoine eile agus meas a thabhairt dóibh freisin, agus an tairbhe a bhaineann le gan ligean do chinnteachtaí bréige iarrachtaí chun an iliomad tuiscintí atá in insintí an domhain a aimsiú a chloí. 

 

Tá tairbhe agus ábharthacht mhór na fealsúnachta rí-shoiléir maidir lenár gcúinsí comhaimseartha agus le nascadh ár dtuiscintí. Cinnimis oibriú i gcomhar chun ceangal a dhéanamh idir ár smaointe, ár n-eitic, ár bhfocail, ár ngníomhartha agus ár gcaidreamh, deireadh a chur le bagairtí i bhfocail agus leis an bhforéigean de gach cineál.

 

Déanaimis athnuachan ar ár n-iarrachtaí trasna na gcultúr agus na startha chun domhan a thógáil nach mbeidh scriosta níos mó ag an mbochtaineacht dhomhanda, ag neamhionannais dhoimhne, ag an eisiamh agus an leochaileacht, agus suaimhneas a bhaint amach lena chéile.”

 

 

 

Micheál D. Ó hUigínn

Déardaoin 21 Samhain 2019