Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht ar Lá Fhéile Bríde ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann

Dáta: Sat 30th Ean, 2021 | 22:00

Ar Lá Fhéile Bríde, déanann muintir na hÉireann ceiliúradh ar thús an earraigh, ag fógairt theacht na laethanta níos faide agus níos teo, agus áilleacht an túis nua a thagann le dúiseacht an dúlra.

Tríd na céadta, ba dheis í lá ómóis Naomh Bríd, a d’eascair ón gceiliúradh Ceilteach ‘Imbolc’ a raibh baint aige le bandia na torthúlachta Brigid, deis do dhaoine turas samhaltach a thógáil. Idir turas follasach, trí oilithreacht a ghlacadh go tobar naofa, nó turas níos siombalaí fós agus athcheangail a dhéanamh le beannaitheacht na talún agus breáthacht na spéire.

Is ón traidisiún seo a d’fhorbair Lá Fhéile Bríde le bheith ina cheiliúradh ar chruthaitheacht, sárbhua, misneach agus gaisce na mban Éireannach.

Is ar an gcéad lá de mhí Feabhra a dhéanaimid ceiliúradh ar shaol Naomh Bríd, a raibh aithne uirthi sa seanstair mar bhandia Brigid, bean chumhachtach agus í ina banphátrún ar shlánú, na healaíona, torthúlacht agus talmhaíocht, gan ach a bheagán a lua.

Ba bhean í Naomh Brigid ar dhiúltaigh sí glacadh le nósmhaireacht a linne. Bean a bhí tiomnaithe don nuálaíocht i réimse an oideachais, agus trína hiarrachtaí cinntiú a dhéanamh de gur éisteadh lena guth i sochaí a raibh ceannas ag na fir ann, b’éigean di uchtach neamhghnách a ghairm chuici féin, constaic a shárú agus ní hamháin teacht slán uathu ach leagan nua de chúrsaí a chur ina n-áit. Nach ábhartha mar sin go dtugaimid chun cuimhne í inár gcúinsí reatha.

Tá na glúnta de mhná Éireannacha tar éis tairbhe a bhaint óna hinspioráid agus óna hoidhreacht. Sa lá atá inniu ann, agus a scéal á thabhairt chun cuimhne againn le meas, socraímis le hinspioráid a aimsiú ina heiseamláir, le dul sa tóir ar ár n-ídéal comhionannais, meas ar chearta do chách, agus domhan níos fearr a chruthú dár saoránaigh go léir, idir fhireann agus bhaineann.

Déanaimid amhlaidh agus muid ag cuardach an nirt le teacht le chéile ar mhaithe le dlúthpháirtíocht, cúram, trua agus cineáltas, agus muid ar ár n-airdeall go bhfuil ár ndúthracht curtha go mór faoi scrúdú i mbliana.

Le roinnt ama anuas, ba dheacra an tasc é do dhaoine áirithe ná a chéile misneach a chruinniú. Go nglaca siad spás faoi leith inár gcomhchuimhne agus comhghníomhaíochtaí.

Ó thús phaindéim Covid-19, tá na mílte duine tar éis bháis go dtí seo de dheasca an víris. Is iomaí duine a fágadh ina ndiaidh, gan dlúithe a n-éag nó an deis a bheith faoi bhrón an bháis fiú, mar a bheidís ag iarraidh. Tá saolta na gcéadta duine tar éis athrú ó bhun go barr, a slite beatha ciorraithe agus na naisc shóisialta, a dtarraing siad compord agus gliondar uathu, réabtha go hiomlán.

Ní mór dúinn idirlinn a ghlacadh le haitheantas a thabhairt dóibh siúd a bhfuil ciapadh orthu, iad ag streachailt le pian agus caillteanas de bharr na paindéime. Mar aon leo siúd atá ag dul i ngleic le huaigneas agus iargúltacht ó na daoine sin a chothaigh iad roimhe seo.

Caithfimid a aithint, cé gur ar mhaithe le sláinte an phobail iad na bearta cosanta deacra atá in áit, agus go bhfuil an fhreagracht orainn uilig iarracht níos mó a dhéanamh, go bhfuil sé chomh tábhachtach chéanna tuiscint a bheith againn ar an tionchar domhain na mbeart seo ar an oiread sin daoine, daoine áirithe níos doimhne ná a chéile.

Mar sin agus muid i mbun ceiliúrtha ar an gcrógacht agus an tiomantas a léirigh Naomh Bríd ina haimsir, inár n-aimsir féin tugaimid aitheantas dóibh siúd atá tar éis a saolta féin a chur i mbaol, ar bhealaí éagsúla, agus iad ag leanúint lena n-obair thábhachtach ar mhaithe linne, a gcomhshaoránaigh.

Beidh cuimhne ag glúnta na todhchaí, táim cinnte de, ar an mbuíochas ollmhór atá tuillte ag na hoibrithe sin as an gcaoi a ndeachaigh siad i ngleic leis an bpaindéim le misneach, le cúram agus le spiorad na dlúthpháirtíochta.

Agus muid ag ullmhú le bogadh go laethanta an earraigh a bheidh níos gile agus níos teo, leis an dóchas athnuaite a thagann leo, fanann an fhírinne linn go bhfuilimid fós faoi scáth gheimhreadh an choróinvíris, agus go leanann sé leis.

Leanfaidh laethanta dorcha na paindéime ag cur dúshlán os ár gcomhair amach ar feadh tamaill, agus cé go bhfuil tuirse na dianghlasála le brath, téimid isteach ionann féin leis an misneach a aimsiú.

Tá sé tábhachtach, i mbun thréimhsí an dorchadais, go ndéantar ceiliúradh ar an solas a thagann ónár gcomhdhíograis leis an dúshlán a shárú. Ar an gcaoi chéanna a mbogaimid ó shéasúr go séasúr, ní fada go mbeidh deireadh leis an ngéarchéim seo.

Luann nath cainte ó amhrán Cairibeach linn gurb é caitheamh na haimsire leigheas gach ruda (‘time heals everything’).

Braitheann cén fhad a mhairfidh sé, agus cén costas a bheidh le fulaingt as den chuid is mó, ar na céimeanna a ghlacaimid inniu agus sna seachtainí amach romhainn.

Tugann an t-earrach deiseanna dúinn le teacht ar an athbheochan, athnuachan, athchóiriú, aiséirí agus athfhás. Go dtagaimid uilig orthu.

Mar sin inniu, ar Lá Fhéile Bríde, agus cónocht an earraigh ag druidim linn, go bhfanfaimid sochair sa dlúthpháirtíocht agus go mbainimid sólás ó na claochluithe a thiocfaidh leis an earrach agus le háthas an tsamhraidh. Cé go bhfuil achar fós le taisteal againn, is áthas é seo a bheidh ag fanacht linn ar an taobh eile.

Beir beannacht.