Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht ar Theacht Chun Críche Ramadan

Dáta: Dom 1st Bea, 2022 | 14:04

"Agus deireadh ag teacht le mí naofa Ramadan, agus gealach na hoíche anocht ag éirí, ba mhaith liom mo bheannachtaí a thabhairt do Mhoslamaigh ar fad atá ag coimeád Ramadan anseo in Éirinn agus timpeall an domhain agus sibh ag bailiú le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar Eid al-Fitr.

Tá níos mó ná 63,000 duine i bpobal Moslamach na hÉireann, agus gach duine acu le hionchur luachmhar acu i sochaí na hÉireann agus an domhain araon. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil libh as an saibhreas seo a thugann sibh dár bpobail ar fad.

Le dhá bhliain anuas, agus muid ag troid in aghaidh phaindéim Covid-19, rinneadh iniúchadh ar ár ndiongbháilteacht mar náisiún. Mar Uachtarán na hÉireann, tugann sé ardú meanman dom nuair a fheicim léirithe iomadúla dlúthpháirtíochta ó dhaoine ó chúlraí éagsúla in éineacht lena gcomhshaoránaigh. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an bpobal Ioslamach in Éirinn as an ionchur luachmhar a bhíonn agaibh i sochaí na hÉireann, agus guím gach dea-ghuí oraibh don tsláinte, don sásamh agus don tsíocháin sa bhliain atá le teacht.

Eid Mubarak."