Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Beannachtaí ón Uachtarán Higgins ar dhaltaí scrúduithe, 5 Meitheamh 2012

Dáta: Mái 5th Mei, 2012 | 15:53

Ag labhairt dó roimh thús scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh a thosaíonn amárach, dúirt Uachtarán na hÉireann Michael D. Higgins

“Ba mhaith liom mo bheannachtaí a thabhairt dóibh siúd go léir a bheidh ag cur tús lena gcuid scrúduithe amárach agus dóibh siúd a thabharfaidh faoi scrúduithe i mbliana. Ba mhaith liom comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag tabhairt faoi scrúduithe gach tacaíocht ar féidir leo a lorg óna dtuismitheoirí, óna muintir agus óna gcairde. Arís guím gach rath oraibh go léir agus, ar ndóigh, go n-éirí libh.”