Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Lá Bealtaine 2022 - Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn

Dáta: Dom 1st Bea, 2022 | 14:05

Inniu ar Lá Bealtaine, Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe, tugaimid ómós don ról tábhachtach atá ag gluaiseachtaí oibre anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne.

Tugaimid chun cuimhne, agsu le ceiliúradh a dhéanamh ar shaolta na n-oibrithe ar fad a mháirseáil, a throid, agus a sheas gualainn ar ghualainn lena gcomhghleacaithe, lena gcomhshaoránaigh, agus le daoine fud fad na cruinne sa chath in aghaidh na héagóra, na héagothroime agus an eisiata.

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de chearta oibrithe choíche. Is meabhrúchán é teacht chun cinn gheilleagar an ‘gig’ le blianta beaga anuas den bhagairt seo, ina spreagtar i measc fostóirí íoschearta a thabhairt d’oibrithe a bhfuil íosfhreagrachtaí orthu.

Agus muid ag teacht amach ón bpaindéim, tá sé tábhachtach go ndéanfaimid machnamh ar an mbearna idir ár suíomh reatha agus an ceann scríbe samhalta atá againn - ait ina mbeidh meas ar agus dínit ag gach oibrí, agus go mbeidh tuarastal cóir á dtuilleamh acu agus iad faoi chosaint ag creat polasaithe atá bunaithe ar chearta daonna.

Is éard atá ag teastáil i ndomhan idirspleách, ná le seasamh gualainn ar ghualainn leo siúd i dtíortha eile, go háirithe sna náisiúin sin atá ag fulaingt iarmhairtí cogaidh, géarchéimeanna daonnúla agus na náisiúin sin a bhfuil níos lú acmhainní acu.

Táimid ag smaoineamh ar an Úcráin agus ar a saoránaigh faoi ionsaí. Táimid dóchasach go fóill go gcuirfidh an t-iltaobhachas deireadh leis an gcogadh déistineach, mímhorálta seo, le críoch a chur leis an marú, sos cogaidh a bhaint amach agus an faoiseamh daonnúil iomlán atá de dhíth a cheadú.

Inniu, ar Lá Bealtaine, geallaimis go dtógfaimid le chéile sochaí iar-phaindéime atá síochánta, truachroích agus ionchuimsitheach. Go dtóga muid sochaí ina bhfuil meas ar gach cineál oibre, ina bhfuil cinnteacht ann faoi na poist ar fad agus ina bhfuil gach oibrí ceadaithe le saol lán, rafar acu. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh an deis ag oibrithe taithí a fháil ar chomhchearta trí bhallraíocht cumann a thógáil. Is gnéithe ar fad iad seo den tsochaí ionchuimsitheach, chomhtháite, chothrom.

Beir beannacht.