Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Aitheantas d’Éireannaigh thar lear ag searmanas bronnta Ghradam Seirbhís Dearscna an Uachtaráin

Dáta: Déa 3rd Nol, 2015 | 16:40

An t-aturnae Gareth Peirce agus an t-údar Mario Vargas Llosa i measc na ndaoine ar bhronn an tUachtarán gradam orthu.
 
Bhí an t-aturnae agus an gníomhaí ar son chearta an duine Gareth Peirce, An tAthair Brendan McBride ón Ionad Inimirceach Éireannach agus Cúram Tréada i San Francisco agus fear gnó agus Cathaoirleach Concern Worldwide Tom Moran i measc na ndaoine ar bronnadh Gradam Seirbhís Dearscna an Uachtaráin orthu don bhliain 2015 ag searmanas in Áras an Uachtaráin tráthnóna (Déardaoin).
 
Tugann an Gradam Seirbhís Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh thar lear aitheantas d’obair daoine eisceachtúla a dhéanann a gcion oibre d’Éirinn agus don phobal Éireannach thar lear. Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a eagraíonn na gradaim agus is iad na pobail Éireannacha thar lear  a dhéanann na hainmniúcháin trí ghréasáin ambasáidí na hÉireann. 
 
Bhronn an tUachtarán Ó hUigínn gradaim na bliana 2015 tráthnóna ar Mario Vargas Llosa, an tAthair Donal Doyle, Niall FitzGerald, Charles Handy, an tSr. Dr Miriam Duggan, an tAthair Brendan McBride, Maureen Murphy, Gareth Peirce, agus Tom Moran. Tugadh aitheantas freisin do Gabriel Byrne, nach raibh ábalta a bheith i láthair ar an tráthnóna. Bhí an Taoiseach Enda Kenny, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charles Flanagan, TD, agus Aire an Diaspóra, Jimmy Deenihan, TD i láthair chomh maith.  
 
Ag labhairt dó roimh an imeacht, dúirt an tAire Flanagan:

“Tá an-áthas orm go mbeidh aitheantas á thabhairt ag an Uachtarán tráthnóna don deichniúr ar leith seo as a bhfuil bainte amach acu. I dteannta a chéile, tá siad tar éis cur lenár gcáil thar timpeall an domhain. Is eiseamláir dúinn go léir a gcuid seirbhíse agus tiomantais don tír seo agus tá fíoráthas orm go bhfuil onóir á tabhairt dóibh ar an mbealach cuí seo.”
 
"Is é seo an ceathrú bliain de Ghradaim Seirbhís Dearscna an Uachtaráin agus is aitheantas tábhachtach ón Uachtarán é, ar son mhuintir na hÉireann go léir, do chion tairbhe suntasach na ndaoine sin a bhfuil onóir á tabhairt dóibh, d’Éirinn agus do na pobail Éireannacha thar lear."

Dúirt Aire an Diaspóra, Jimmy Deenihan, chomh maith:  

‘Mar Aire an Diaspóra, tá an-áthas orm go bhfuil aitheantas á thabhairt go foirmiúil anocht dár muintir dhomhanda as a bhfuil bainte amach acu. Tá catagóirí éagsúla i gceist leis na gradaim seo – ón Ealaín, Cultúr agus Spórt; go Gnó agus Oideachas; go Tacaíocht don Phobal Éireannach – a léiríonn an cúnamh iontach leathan a thugann Éireannaigh thar lear dá bpobail diaspóra.”

Is iad seo a leanas faighteoirí Ghradaim Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin 2015:

Na hEalaíona, Cultúr agus Spórt
Gabriel Byrne (SAM)
Mario Vargas Llosa (Peiriú)

Gnó agus Oideachas
An tAthair Donal Doyle (An tSeapáin)
Niall FitzGerald (An Ríocht Aontaithe)
Charles Handy (An Ríocht Aontaithe)

Obair Charthanachta
An tSiúir Dr Miriam Duggan (An Chéinia)

Tacaíocht do Phobal Éireannach
An tAthair Brendan McBride (SAM)
Maureen Murphy (SAM)

Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt
Gareth Peirce (An Ríocht Aontaithe)
Tom Moran (SAM)