Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Insealbhú an Uachtaráin

Dáta: hAo 2nd Sam, 2018 | 12:53

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis scríobh inniu chuig an Taoiseach, Leo Varadkar T.D. faoi shocruithe a insealbhaithe ar an 11 Samhain.

Titeann dáta an insealbhaithe ar an lá céanna le comóradh céad bliain an tsosa chogaidh a léirigh deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda, agus tá iarrtha ag an Uachtarán, agus fios aige gur mhaith le cuid mhaith Éireannach páirt a ghlacadh sna searmanais chomórtha ar maidin, agus gur tugadh cuireadh d’Airí Rialtais ionadaíocht a dhéanamh don Stát ag searmanais thar lear, go gcuirfí san áireamh na cúinsí speisialta sin sna socruithe.

Tá iarrtha ag an Uachtarán ar an Rialtas socruithe a dhéanamh do shearmanas an insealbhaithe ar thráthnóna an 11 Samhain, ar athrú ón nós imeachta a bheadh ann, chun deis a thabhairt dóibh siúd go léir ar mhaith leo an sos cogaidh a chomóradh agus cuimhneamh ar fhir agus ar mhná na hÉireann agus orthu siúd go léir a bhásaigh nó a gortaíodh le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.