Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cóisirí Gairdín 2017

Dáta: Déa 15th Mei, 2017 | 14:13

Gach bliain, cuireann an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín sraith Cóisirí Gairdín ar siúl chun aitheantas a thabhairt do shaothar daoine agus eagras a bhíonn gníomhach i dtaca leis an tsaoránacht agus leis an bpobal a thógáil agus a chur chun cinn agus an saothar sin a cheiliúradh – tionscadail atá lárnach in Uachtaránacht Mhichíl D. Uí Uigínn.

Leanann na Cóisirí Gairdín traidisiún a bhunaigh Iar-Uachtaráin, agus thar chúrsa 8 n-imeacht, cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte roimh níos mó ná 4,000 duine ó gach uile chearn d’oileán na hÉireann chuig Áras an Uachtaráin, an teach agus na gairdíní.  

Clúdófar raon téamaí sna Cóisirí Gairdín i mbliana, na healaíona, an inbhuanaitheacht, comhionannas inscne, an ilchultúracht agus an pobal. 

  • Déanfar comóradh ar Bloomsday le linn na chéad cóisire ar an 17 Meitheamh; 
  • Beidh an dara himeacht sa tsraith, dar teideal ‘Ceiliúradh Saol an Oileáin’ ar siúl ar an 20 Meitheamh agus díreoidh sé ar phobail inbhuanaithe ar an iliomad oileán in Éirinn a bhfuil cónaí orthu; 
  • Ansin beidh Cóisir Ghairdín ann do theaghlaigh, ar an 25 Meitheamh, a chuirfidh an tsláinte agus an fholláine, i measc gach duine, ag gach aois, chun cinn;
  • Beidh Cóisir Ghairdín an 27 Meitheamh tiomnaithe do cheiliúradh na nEalaíon Cruthaitheach agus na gCeirdeanna;
  • Tugtar cuireadh chuig an gCóisir Ghairdín ‘Cúram agus Dlúthpháirtíocht sa Phobal’ ar an 30 Meitheamh do chúramóirí agus oibrithe cúraim, chomh maith le grúpaí tacaíochta teaghlaigh ó gach cearn in Éirinn;
  • Déanfar ceiliúradh le linn na Cóisire Gairdín ar an 3 Iúil dar teideal ‘Fáilte’ ar shaoránaigh nua na hÉireann, chomh maith le teaghlaigh a bhfuil páistí uchtaithe acu ó thíortha thar lear;
  • Déanfar ceiliúradh le linn an dá Chóisir Ghairdín ‘Lá Pobail’ ar an 6 Iúil agus an 8 Iúil, ar dhaoine atá páirteach i ngníomhaíochtaí pobail agus i ngrúpaí deonacha.