Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Oíche Chultúir 2017

Dáta: Céa 9th Lún, 2017 | 11:00

*** Tá clárú don ócáid seo dúnta anois. ***

 

Don ceathrú bliain as a chéile, beidh Áras an Uachtaráin, áit cónaithe oifigiúil an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn, agus a bhean chéile, Sabina Uí Uigínn, ar oscailt don phobal ar Oíche Chultúir, Dé hAoine, 22 Meán Fómhair, 2017.

Tabharfar eolas do chuairteoirí ar stair an fhoirgnimh agus beidh siamsaíocht cúltúrtha curtha faoina mbráid. Tosófar Oíchr Chultúir in Áras an Uachtaráin ó 7pm.

Toisc srianta spáis, beidh ticéad uait chun teacht ar an oíche. Chun iarratas a chur isteach le haghaidh ticéad, seol d’ainm, do sheoladh phost, agus do sheoladh ríomhphost chuig [email protected] roimh deireadh an lae ar18 Lúnasa, 2017.  Déanfar crannchur chun na ticeadaí a bhronnadh.