Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht na Nollag and na hAthbhliana ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn 2018

Dáta: hAo 21st Nol, 2018 | 17:00

Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom mo bheannachtaí agus mo dhea-ghuí a sheoladh chuig muintir na hÉireann uile, agus chucu siúd go léir ar suim leo cúrsaí na hÉireann, pé áit ina bhfuil siad, agus guím Nollaig shona shíochánta agus Bliain Nua faoi shéan agus faoi mhaise oraibh. 

Is séasúr ceiliúrtha agus aoibhnis atá sa Nollaig.  Is tráth é le bheith i gcuideachta ár ndaoine muinteartha, tráth le machnamh a dhéanamh ar an mbliain amach romhainn, tráth le buíochas a ghlacadh as an gcairdeas agus an muintearas agus tráth le mianta ár gcroíthe a roinnt. 

Is ócáid dóchais agus athbheochan dóchais an Nollaig, tráth le misneach a chruthú, fiú sna cúinsí is deacra agus is trioblóidí.  I bhfuacht an gheimhridh, is am atá na féidearthachtaí maidir leis an todhchaí chomhroinnte a athnuachan, am atá lán de dheiseanna agus d’acmhainn gan teorainn. 

Is tráth í an Nollaig a thugann chun cuimhne breith Chríost, é ina leanbh ag a athair agus a mháthair faoi chúinsí fíorbhochta, an neamhshláine agus an teitheadh rompu; tugann sé chun cuimhne na leochaileachtaí ar cheart dúinn go léir iad a roinnt eadrainn agus dul i ngleic leo, go háirithe leochaileachtaí na ndaoine atá i mbaol, nó coinnithe amach agus an oiread sin díobh ‘nach bhfuil áit ar bith sa teach ósta’ dóibh, mar a tharla do Chríost.  


In Éirinn an lae inniu, tá suaimhneas an teaghlaigh de dhíth ar an iomarca dár muintir, agus tá imní ar mhuintir eile faoina gcumas teacht ar sheirbhísí sláinte agus oideachais, agus faoina gceart a n-ábhair imní a chur in iúl agus a bheith páirteach go hiomlán inár bpoblacht.  Mar sin, agus ár leochaileachtaí comhroinnte tugtha i gcuimhne againn an Nollaig seo, beartaímis seasamh le chéile chun dlúthchomhar athnuaite a chruthú, ceann a bheidh múnlaithe chun oiriúint dár saoránaigh go léir, agus agus chun iad a chuimsiú.  

Tá go leor fós inár sochaí a bhíonn ag obair gan staonadh chun tacú leo siúd atá imeallaithe nó ar an ngannchuid agus chun seasamh gualainn le gualainn leo.  

Ar feadh na bliana dhá mhíle agus a hocht déag, mar Uachtarán na hÉireann, bhuail mé leis an iliomad daoine flaithiúla atá aitheanta mar eiseamláirí sa saol mar gheall ar a saothar díograiseach agus a gcreideamh sa tsaoránacht atá gníomhach agus gafa go hiomlán.  Ar son ár nglúnta go léir, glacaim buíochas leo.  Is ó na grúpaí agus na daoine sin ar féidir linn inspioráid a lorg agus muid ag samhlú agus ag cruthú ár dtodhchaí chomhroinnte.

Is éard atá i scéal na Nollag gur rugadh leanbh i mBeithil a thug síocháin agus áthas don domhan.  Inniu, tá go leor dár gcomhshaoránaigh ar fud an domhain ina gcónaí faoi scáth na coimhlinte, na géarleanúna, an fhoréigin, na héagóra agus na bochtaineachta.

Mar shaoránaigh an domhain níor cheart dúinn riamh a bheith idir dhá chomhairle faoinár dtuairim a chur in iúl gur cheart dúinn ár nguth a ardú i gcomhar leo siúd go léir a bhfuil domhan níos córa á lorg acu, agus ceangail nua á ndéanamh againn lena chéile agus leis an bpláinéad leochaileach a bhuilimid inár gcónaí air.

Glacaim buíochas ar leith dár lucht déanta síochána thar lear agus guím mo bheannachtaí orthu agus tugaim mo bheannachtaí dóibh siúd sna seirbhísí éagsúla a chuideoidh linn Nollaig shlán, shíochánta agus thaitneamhach a bheith againn.  

Ní mór dúinn a chinntiú, freisin, go mbeidh áit inár dteach ósta dóibh siúd, cosúil le Muire agus Seosamh dhá mhíle bliain ó shin, a thug faoi thurais fhada agus dheacra agus iad ar thóir na sábháilteachta agus todhchaí níos fearr.  

Is é an fáilteachas an ghné mhór uilíoch a thugann na córais chreidimh agus na teangacha ar domhan le chéile.  Tá sé fóirstineach, mar sin, gur cheart dúinn freagairt don phatrún athraithe inimirce inár dtír ar bhealach oscailte agus fáilteach agus go gcuirfimis fáilte rompu siúd a bhfuil saol níos fearr uathu, nó ar a laghad saol atá saor ón eagla, agus tacú leo. 

Agus dúluachair an gheimhridh á fágáil inár ndiaidh againn agus sinn ag bogadh i dtreo séasúr na dtosach agus na bhféidearthachtaí nua, déanaimis sin le tiomantas athnuaite don dlúthchomhar sóisialta.  Cinntímis nach mbeidh siad siúd go léir atá leochaileach, in Éirinn agus ar fud an domhain, ina n-aonair ach go mbeidh a fhios acu go mbeimid sásta a bheith ina dteannta ar a dturais dheacra, a dturais dóchais. 
Is mór an onóir dom é, agus muid ar thairseach na bliana dhá mhíle agus a naoi déag, leanúint le freastal ar mhuintir na hÉireann. 

Guím Nollaig shíochánta agus Bliain Nua faoi mhaise oraibh go léir. 

Beir Beannacht.