Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ceiliúradh i Halla Ríoga Albert, Déardaoin, 10 Aibreán 2014

Dáta: Déa 10th Aib, 2014 | 14:28

Ar ócáid stairiúil chéad Chuairte Stáit Uachtarán na hÉireann chuig an Ríocht Aontaithe, beidh an tUachtarán Michael D. Higgins ina aoi onóra ag tráthnóna speisialta ceoil, focal labhartha agus damhsa i Halla Ríoga Albert ar an Déardaoin 10 Aibreán, 2014.

Glacfaidh cuid dár gceoltóirí, dár n- amhránaithe, dár n-aisteoirí, dar n-údair agus dár bhfilí is fearr, páirt san airneán ar leith seo, agus neart agus raon an chomhoibrithe agus na cruthaitheachta sin idir Éire agus An Ríocht Aontaithe agus cion an phobail Éireannaigh sa Bhreatain á roinnt agus á gceiliúradh.

Beidh Ceiliúradh mar theideal ar cheolchoirm an tráthnóna agus beidh taibhealaíontóirí cáiliúla agus nua as Éirinn agus an RA páirteach ann.