Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Bloomsday 2020 - President Higgins to host performances at Áras an Uachtaráin.

Dáta: Lua 15th Mei, 2020 | 15:15

Bloomsday 2020 le ceiliúradh ar bhealach speisialta de bharr Covid-19

Tá sé de nós ag an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn, ar Bloomsday, 16 Meitheamh, James Joyce agus a shaothar, go háirithe ‘Ulysses’ , agus gach saothar agus ealaíontóir cruthaitheach a cheiliúradh. 

Bhí dúshlán ag baint leis na cúinsí ina rabhamar sa bhliain reatha, ach déanfar Bloomsday 2020 a cheiliúradh ar bhealach beagán éagsúil, b’fhéidir, ach ar chúis nach raibh riamh chomh tábhachtach: an gá le haitheantas a thabhairt d’ionchur ealaíontóirí, a gcruthaitheacht a chur chun cinn, agus a slí bheatha a chosaint.

Ar Bloomsday 2020, óstálfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, in Áras an Uachtaráin, an chéad cheann de shraith léirithe cultúrtha a tharraingeoidh aird ar ealaín agus cruthaitheacht na hÉireann agus a dhéanfaidh éileamh chun tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus taibhitheoirí ag am na géarchéime seo. 
 
Tá bagairt bhunúsach déanta ag géarchéim Covid-19 ar na healaíona, mar gur dúnadh an oiread sin láithreacha agus ionaid imeachtaí, cuireadh teorainn ar rochtain ar mhúsaeim, amharclanna, leabharlanna agus láithreacha oidhreachta de bharr na mbeart a bhí riachtanach leis an víreas a cheansú,  agus dá réir sin chaill an iliomad oibrithe sna healaíona a n-ioncam. 
 
Trí thaibhithe cultúrtha a óstáil in Áras an Uachtaráin, tá an tUachtarán Ó hUigínn ag iarraidh béim a chur ar thábhacht na n-ealaíon inár saol, agus dá réir ar thábhacht shaothar na n-ealaíontóirí, agus ar an ádh atá orainn go bhfuil raon agus éirim tallainne agus cruthaitheachta in Éirinn.  

Is cuid de thionscnamh leathan an Uachtaráin “Samhlaíocht agus An Náisiún”  atá i dtionscnamh Bloomsday 2020, a tharraingíonn aird ar ról cumhachtach agus claochlaithe na n-ealaíon, na cruthaitheachta agus na nuálaíochta.
 
Mar cheann de na trí chrann taca – is iad “Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte” agus “Rannpháirtíocht agus Claochlú”  an dá cheann eile – cuireann fís an Uachtaráin i dtaca leis an gclaochlú in Éirinn, “Samhlaíocht agus An Náisiún”  béim ar thábhacht bhunúsach an spáis chultúrtha i gcomhair an daonlathais agus chur chun cinn na smaointeoireachta cruthaithí neamhspleáiche a theastóidh le todhchaí chuimsitheach a thógáil, a chosaint agus a chothabháil do gach duine.