Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Foilsíonn Áras an Uachtaráin an chéad athbhreithniú bliantúil

Dáta: Céa 4th Már, 2020 | 17:19

D’fhoilsigh Áras an Uachtaráin athbhreithniú inniu ar obair agus scóp Oifig an Uachtaráin, a chuimsíonn an chéad bhliain den dara téarma ag an Uachtarán in oifig. 

Is é seo an chéad uair ar foilsíodh athbhreithniú bliantúil dá leithéid ó bunaíodh  Uachtaránacht na hÉireann in 1938. In 2018, d’fhoilsigh Áras an Uachtaráin athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí an Uachtaráin le linn a chéad téarma, a chuimsigh an tréimhse 2011-2018.

Cuireann ‘Bliain faoi Bhreithniú’, a foilsíodh inniu, leis an ngealltanas a thug an tUachtarán Ó hUigínn trédhearcacht agus fáil ar eolas faoi obair a oifige a fheabhsú. Cuireann an t-athbhreithniú léargas ginearálta ar fáil ar choinní agus ar ghníomhaíochtaí an Uachtaráin óna insealbhú ar an 11 Samhain 2018 go dtí an 31 Nollaig 2019. Le linn na tréimhse sin, thug 22,307 duine cuairt ar Áras an Uachtaráin.

Taispeánann sonraí na tuarascála faoi chaiteachas agus mhaoirseacht airgeadais Oifig an Uachtaráin go raibh an caiteachas níos lú ná an buiséad in 2019, mar a bhí i ngach aon bhliain de chéad téarma an Uachtaráin Uí Uigínn in oifig.

 

Tá an tuarascáil ar fáil ar líne ag https://president.ie/ga/ilmheain-agus-oraidi/foilseachain