Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ceapadh Fergus Lenihan mar Stiúrthóir Ainmnithe ar Fhéile Idirnáisiúnta Dhún Éideann

Dáta: Lua 1st Aib, 2013 | 15:01

Is cúis cheiliúrtha acu sin go léir, a bhfuil eolas acu ar a thallann agus ar a chion tairbhe ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, an fógra atá déanta ag Comhairle Fhéile Idirnáisiúnta Dhún Éideann go bhfuil Fergus Lenihan ceaptha acu mar Stiúrthóir Ainmnithe Fhéile Idirnáisiúnta Dhún Éideann agus gurb é a léireoidh Féile na bliana 2015.

Mar Uachtarán na hÉireann, déanaim comhghairdeas le Fergus Linehan agus molaim an chaoi, trína fheabhas sna healaíona, a bhfuil an oiread sin déanta aige chun cur le cáil na hÉireann – mar shampla, trína chuid oibre i bhFéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath sa bhaile; i bhFéile Sydney san Astráil agus san iliomad áit eile.

Ar cheann de na tréithe fiúntacha ina chuid oibre go léir, tá coimisiúnú saothair nua ó scríbhneoirí, ó chumadóirí agus ó chóiréagrafaithe Éireannacha, agus táim cinnte gur lena leas é ina thionscadal nua, a mbeidh sé ag ullmhú ina leith an mhí seo chugainn, deirtear liom.

Guím gach rath air a thogra nua.