Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn le tabhairt faoi Chuairt Stáit ar an Laitvia agus faoi Chuairt Oifigiúil ar an Liotuáin

Dáta: Céa 13th Mei, 2018 | 11:11

Dhearbhaigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu go bhfuil glactha aige le cuireadh óna Shoilse, Uachtarán Phoblacht na Laitvia, an tUasal  Raimonds Vçjonis, chun Cuairt Stáit a thabhairt ar an Laitvia. 

Beidh an Chuairt Stáit ar siúl sa bhliain ina bhfuil ceiliúradh á dhéanamh ag an Laitvia ar fhógairt a neamhspleáchais céad bliain ó shin in 1918 agus neartóidh sí caidreamh na hÉireann leis an tír, agus leis na tíortha in aice láimhe sa réigiún Bardach agus Nordach. 

Tabharfar Cuairt Oifigiúil ar an Liotuáin tar éis na cuairte ar an Laitvia. 


Clár

 

Cuirfear tús leis an gCuairt Stáit Dé Luain 18 Meitheamh, le searmanas fáiltithe oifigiúil i bPálás an Uachtaráin in Riga, agus ina dhiaidh sin beidh cruinniú déthaobhach ag an Uachtarán Ó hUigínn leis an Uachtarán Vçjonis.

Leagfaidh an tUachtarán Ó hUigínn bláthfhleasc ag an Séadchomhartha Síochána sa phríomhchathair, agus ina dhiaidh sin beidh searmanas bronnta leabhair sa Leabharlann Náisiúnta agus lón oifigiúil in onóir an Uachtaráin agus Bhean Uí Uigínn, arna óstáil ag an Uachtarán Vçjonis. 
San iarnóin, rachaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ar thuras siúlóide treoraithe i gcroílár stairiúil Riga.

An lá arna mhárach, 19 Meitheamh, cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn tús le Cuairt Oifigiúil ar an Liotuáin. 

Cuirfear tús leis an gCuairt Oifigiúil le searmanas fáiltithe oifigiúil i bPálás an Uachtaráin in Vilnius, agus ina dhiaidh sin beidh cruinniú déthaobhach ag an Uachtarán Ó hUigínn le hUachtarán Phoblacht na Liotuáine, a Soilse Uasal Dalia Grybauskaitë.

Leagfaidh an tUachtarán Ó hUigínn fleasc i reilig Antakalnis in Vilnius, sula dtéann sé chuig an Seimas, parlaimint náisiúnta na Liotuáine, le cruinniú a bheith aige le Spéicéir na Parlaiminte, A Shoilse Uasal Viktoras Pranckietis.

Sa tráthnóna, cuirfidh an tUachtarán fáiltiú ar siúl do mhuintir na hÉireann a bhfuil cónaí orthu sa Liotuáin. 

Ar an dara lá dá Chuairt Oifigiúil (20 Meitheamh), tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn caint do cheannairí gnó na hÉireann agus na Liotuáine le linn cruinnithe bricfeasta. 

Níos deireanaí an mhaidin sin, bronnfar dochtúireacht oinigh ar an Uachtarán in Ollscoil Vytautas Magnus. Tabharfaidh an tUachtarán aitheasc faoi Éirinn, an Liotuáin agus todhchaí an Aontais Eorpaigh – tábhacht na luachanna.

San iarnóin, rachaidh an tUachtarán agus Saidhbhín chuig cathair Kaunas, faoi choinne cruinnithe leis an Méara agus le ceannairí eile.