Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuairt Stáit Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine fógartha ag Áras an Uachtaráin

Dáta: Déa 21st Dei, 2021 | 14:40

D’fhógair an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu go gcuirfidh sé fáilte roimh Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Frank-Walter Steinmeier, ar a Chuairt Stáit ar Éirinn ón 27 go dtí an 29 Deireadh Fómhair.

Beidh Cuairt Stáit an Uachtarán Steinmeier ag teacht i ndiaidh Chuairt Stáit an Uachtaráin Uí Uigínn ar an nGearmáin, i mí Iúil 2019, agus beidh sé mar aidhm aici aird a tharraingt ar an gcaidreamh polaitíochta, eacnamaíochta agus stairiúil idir Éire agus an Ghearmáin agus an ceangal cairdis idir an dá thír a threisiú.  

Cuirfear tús leis an gCuairt Stáit le searmanas fáilte in Áras an Uachtaráin, Dé Céadaoin 27 Deireadh Fómhair, agus ina dhiaidh sin beidh cruinniú déthaobhach idir an bheirt Cheann Stáit. Sa tráthnóna déanfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn Dinnéar Stáit a óstáil in onóir an Uachtaráin Steinmeier agus Elke Büdenbender, Uasal.

Beidh an tUachtarán Steinmeier agus Büdenbender, Uasal á dtionlacan ag an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ag coinní i nGaillimh agus i Luimneach le linn na Cuairte Stáit.

Bhuail an bheirt Uachtarán lena chéile go deireanach ag cruinniú den ghrúpa ‘Arraiolos’, grúpa de 15 Cheann Stáit Eorpacha, sa Róimh i mí Mheán Fómhair 2021.