Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Fís dhearfach d’Éirinn ón óige ag ceardlann an Uachtaráin

Dáta: Sat 1st Meá, 2012 | 15:28

www.president.ie/makeasubmission (Deadline 29 September 2012)

Bhailigh 100 duine óg le chéile ar maidin ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Bolton, Baile Átha Cliath lena bhfís do thodhchaí na hÉireann a fhiosrú agus a phlé mar chuid de chomhairliúchán an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUiginn, An Óige agus an tÉireannachas 2012.

Tar éis aitheasc tosaigh an Uachtaráin, chruthaigh grúpaí de dheichniúr daoine óga néalta focal maidir lena bhfís d’Éirinn agus léirigh siad na nithe a mheas siad a bheith ar na 5 ghné is tábhachtaí dá bhfís d’Éirnn. Vótáil na daoine óga i seisiún iomlánach ina dhiaidh sin ar a bhfís d’Éirinn agus bhunaíodar, le tacaíocht ó lucht taighde D.I.T, na 10 ngné is tábhachtaí den fhís sin. Ba iad sin:

1a. Comhionannas – pósadh comhghnéis – inscne – pá/tuarastal = comhionannas in Éirinn*

1b. Freagracht – ceannairí – airgeadas – córais – seirbhísí – rialtas

3. Oideachas atá iomlán agus oiriúnach a chuimsíonn riachtanais speisialta, scileanna saoil, gnéithe praiticiúla, agus atá iomlánaíoch

4. Meabhairshláinte agus féinmharú, feasacht, príomhshruthú. Cur chuige ón mbonn aníos agus ionchur ó eiseamláirí. Neamhspleáchas ó gheis

5a. Féiniúlacht chultúrtha – tábhacht na Gaeilge, na staire agus na n-ealaíon a aithint**

5b. Córas polaitíochta chuntasach (athchóiriú) – struchtúir rannpháirtíochta, freagracht.

7. Bogadh ó fhuarchúis go rannpháirtíocht réamhghníomhach, athrú agus nuálaíocht á dtreorú ag an óige. Fáil réidh le béarlagair agus dordfhocail i gcumarsáid leis an óige.

8. Feabhas ar phleanáil agus feidhmiú teicneolaíochtaí glasa

9. Tuilleadh deiseanna agus níos lú dúshaothraithe san ógfhostaíocht

10. Sochaí agus Rialtas saolta

Is cuid de phróiseas comhairliúcháin níos leithne ag an Uachtarán atá sa cheardlann seo i mBaile Átha Cliath inniu. Tá sé ag iarraidh cloisteáil ó dhuine óg ar bith ó 17 go 26 bliain d’aois in Éirinn agus ar fud an domhain a bhfuil tuairim aige/aici faoi thodhchaí na hÉireann. Is é an 29 Meán Fómhair 2012 an dáta deiridh d’aighneachtaí. Féadfaidh daoine óga a dtuairimí a roinnt ag www.president.ie/youngandirish

Athbhreithneoidh foireann taighde D.I.T., arna ceapadh ag an Uachtarán, na torthaí uile ón lá inniu agus ó na ceardlanna réigiúnacha ina dhiaidh seo i gCorcaigh, i Muineachán agus i nGaillimh. Déanfaidh siad anailís ar na sonraí sin uile chomh maith leis na haighneachtaí a dhéanann daoine óga ar líne ag www.president.ie/makeasubmission

Tá ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012’ ar an gcéad seimineár i sraith seimineár Uachtaránachta a reáchtálfar i rith théarma an Uachtaráin Uí Uiginn. Tá sé i gceist ag an Uachtarán torthaí ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012’ a úsáid le bheith mar fhaisnéis ag a Uachtaránacht agus tionólfar mórsheimineár deiridh de chuid ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012’ in Áras an Uachtaráin níos déanaí i mbliana, áit a gcuirfear torthaí ‘Tóg an tAthrú i gCúram’ i láthair.

Féadfaidh daoine óga a dtuairimí i scríbhinn, i bhformáid fuaime nó físe nó in aon fhormáid a roghnaíonn siad a roinnt ar www.president.ie/youngandirish.

Beidh físchárta poist de cheardlann ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012’ an lae inniu beo níos déanaí inniu ar YouTube, Facebook, Google+

#youngandirish
www.facebook.com/youngandirish

Tabhair ar Aird
*Tabhair ar aird go bhfuair 1a agus 1b an méid céanna vótaí
**Fuair 5a agus 5b an méid céanna vótaí

Maidir leis ‘An Óige agus an tÉireannachas 2012′

Tá Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, ag fáiltiú roimh dhaoine óga na hÉireann, sa bhaile agus ar fud an domhain, páirt ghníomhach a bheith acu i dtodhchaí chomhroinnte na hÉireann a mhúnlú.

Le ‘An Óige agus an tÉireannachas’, comhairliúchán le hÉireannaigh 17 go 26 bliain d’aois, táthar ag iarraidh an dioscúrsa náisiúnta ar chuimsiú a chur chun cinn trí leas a bhaint as cumhacht daoine óga, a chur ar a gcumas a bheith páirteach sa dioscúrsa agus bainteach leis.  Is é an uaillmhian sochaí a chruthú ina bhfuil meas ar gach saoránach i ngach glúin.

Is é an aidhm lárnach daoine óga a chur ag gabháil in Éirinn chomhaimseartha mar shaoránaigh gníomhacha agus machnamhacha, agus tacú leo mar cheann de na foinsí críonnachta i saincheisteanna croíláir, idir shaincheisteanna sóisialacha, polaitíochta, geilleagracha agus cultúrtha atá roimh Éirinn, a réiteach. Tá an tUachtárán Ó hUiginn ag súil, leis an gcomhairliúchán agus seimineár ‘An Óige agus an tÉireannachas, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

•    Bealaí rannpháirtíochta a oscailt le haghaidh daoine óga agus iad a chur ag gabháil don phlé agus don díospóireacht maidir leis an gcineál tíre atá againn anois, cén sórt Poblachta is mian linn a chruthú agus conas is féidir é sin a bhaint amach.

•    Réitigh íogaire agus inréadaithe maidir lenár staid reatha, agus moltaí do shochaí níos fearr amach anseo á dtreorú ag an óige, a shainaithint, a chur chun cinn agus a cheiliúradh.

•    Cloisteáil ó dhaoine óga agus a dtuairimí a lorg maidir leis na deacrachtaí atá ag daoine óga ó chúlraí éagsúla, mar dhaoine óga agus Éireannaigh inniu.

Cad iad na Seimineáir Uachtaránachta?

Ina chéad aitheasc an 11 Samhain 2011, d’fhógair an tUachtarán Ó hUiginn go raibh sé i gceist aige roinnt Seimineár Uachtaránachta a reáchtáil ina ndéanfaí machnamh ar théamaí atá tábhachtach do shaol comhroinnte na hÉireann, téamaí ar leith agus níos leithne ná na gar-imeachtaí ar a ndírítear reachtaíocht, agus dhéanfaí na téamaí sin a fhiosrú.

Leis an gcéad cheann de Sheimineáir Uachtaránachta an Uachtaráin Uí Uiginn ‘An Óige agus an tÉireannachas’, táthar ag iarraidh an dioscúrsa náisiúnta maidir le cuimsiú a chur chun cinn trí leas a bhaint as cumhacht daoine óga, a chur ar a gcumas a bheith rannpháirteach agus níos mó bainte a bheith acu i gcinnteoireacht. Tá sé mar aidhm le ‘An Óige agus an tÉireannachas’ cloisteáil ó Éireannaigh óga, 17 go 26 bliain d’aois, sa bhaile agus thar lear.

Reáchtálfar tuilleadh seimineár le linn théarma seacht mbliana an Uachtaráin Uí Uiginn agus déanfar saincheisteanna domhanda a bhreithniú, cuirfear béim ar an tábhacht atá leis an nasc eiticiúil idir polaitíocht, an geilleagar, forbairt agus an tsochaí.