Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Uasdátú ar shláinte an Uachtaráin Uí Uigínn

Dáta: hAo 1st Már, 2024 | 17:33

Ghabh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn a bhuíochas leis an bpobal as na beannachtaí ar fad a fuair sé óna iontráil go hOspidéal San Séamuis tráthnóna inné. Ba mhaith leis buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a sheol teachtaireachtaí chuige, chomh maith lena bhuíochas a chur in iúl don fhoireann leighis as a cúram leanúnach. 
 
Tar éis na dtástálacha sin, fanfaidh an tUachtarán san ospidéal thar an deireadh seachtaine le go ndéanfar monatóireacht ar a bhrú fola. Táthar ag súil go bhfillfidh an tUachtarán ar Áras an Uachtarán go luath an tseachtain seo chugainn.
 
CRÍOCH
 
Nótaí do na hEagarthóirí:
 
Reáchtáladh an Fáiltiú Tae ag Áras an Uachtaráin mar a bhí beartaithe, arna óstáil ag Saidhbhín Uí Uigínn.