Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

2017 – An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

Dáta: Mái 12th Meá, 2017 | 14:54

Osclóidh an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn an t-ochtó séú Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, a bheidh ar siúil i gCo. Uíbh Fháilí, ar an 19 Meán Fómhair. 

Áirítear an Comórtas Teabhdóireachta ar cheann de mhór-fhéilte na hEorpa, a eagraítear faoin spéir, agus meastar gur tharraing sé os cionn 280,00 cuairteoir, an bhliain seo caite.   

Ó insealbhaíodh mar Uachtarán é in 2011, d’fhreastail an tUachtarárn ar an gComórtas gach aon bhliain.   Ag tagairt don fhéile dó, bhí le rá aige -

“léiriú suntasach ar ardéirim na nGael” agus “an genre is ansa i bhféilire tuaithe na hÉireann”

Ina óráid ag comórtas treabhdóireachta na bliana 2012, thug an tUachtarán ómós do lucht eagraithe na féile, agus dá gcur chuige maidir le comóradh, “tradisiúnta agus nuála” sa rannóg agraibhia.

An bhliain dar gcionn, 2013, in Ráth an Uisce, leag an tUachtarán béim ar phrófíl-aoise an phobail fheirmeoireachta, maraon le hardú pobal-feasachta ar fheirmeoireacht agus ar tháirgiú bia.   Ina óráid, duirt an tUachtarán

“is den riachtanas é do thodchai na tíre seo an fheirmeoireacht bheoga a choinneáil,  agus cruth na feirmeoireachta teaghlaigh a bhuanú leis.”

Ina óráid don Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2014, leag an tUachtarán béim ar théamaí a bhain le cuóta bainne, agus an Bhliain um Fheirmeoireacht Teaghlaigh.  Duirt an tUachtarán

“tá sé fíorthábhachtach go bhféachfaidh an pobal feirmeoireachta chuige go roinntear na torthaí a eascraíonn as na deiseanna nuálaíochta seo go forleathan, seachas iad a dháileadh ar an mionlach is mó acmhainní.   Creidim go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna acmhainní talmhaíochta na hÉireann a chumasú, is atá cothú earnáil na feirmeoireachta teaghlaigh, atá faoi bhláth, d’fhonn nua mhargaí domhanda a aimsiú, ionas gur féidir leis an líon is mó gur mian leo é, slí bheatha inmharthana a bhaint amach i réimse na feirmeoireachta”.

Sa bhliain 2015, leag an tUachtarán béim ar shábháilteacht na feirme, agus ar inbhuanaitheacht.  Ina óráid sa tSráidbhaile, rianaigh an tUachtarán amhlaidh-

“tá sé fíorthábhachtach go ndíreofar ár gcur chuige, chun ionad oibre slán, sábháilte, a dhéanamh d’ár bhfeirmeacha sa tír seo; áit ar féidir le gasúir a luath-bhlianta a chaitheamh agus iad i mbun foghlamtha ghairm na feirmeoireachta, chomh maith le bheith ina láthair ina ndéantar saineolas na nglúnta a bhí bainteacht le saothrú na talún a thaisceadh.  Ní mór tabhairt chun cuimhne i gcónaí, go bhfuil sé de mhórdhualgas orainn ár dtalamh luachmhar agus ár dtimpeallacht a chosaint;  agus ní mór a chinntiú leis, go ndéantar cúram dóibh siúd a mhaireann ar chúrsaí talmhaíochta.” 

Ag cur béime ar thioncar na feirmeoireachta ar an timpeallacht, duirt an tUachtarán

"de bharr a maoirseacht talún, imríonn feirmeóirí ról suntasach d’ár sochaí agus bia folláin á tháirgiú acu. Tá dualgas orthu chomh maith an timpeallacht atá i bpáirt againn agus an fiadhúlra, an t-aer agus an t-uisce, san áireamh, a thabhairt slán”.   

“Leagann na dúshláin a eascraíonn de dheasca athrú aeráide dualgas agus cúraimí bhreise ar fheirmeoirí, lena chinntiú go ndéanann siad a gcuid sna h-iarrachtaí domhanda le astuithe a laghdú.  Tá deis acu leis, a ndúthracht  agus a saineolas a úsáíd i sárú na ndúshlán seo”. 

Sa bhliain 2016, ba iad saol agus forbairt tuaithe, dé-théama an Uachtaráin ina óráid ag an gComórtas Treabdóireachta, ar a raibh téamaí a bhain le pobail tuaithe, inmharthanacht na timpeallachta, agus athrú aeráide.  Thráchtaigh an tUachtarán chomh maith ar an tábhacht a bhaineann le feirmeacha theaghlaigh a choimead mar chnámhdroma shochaí na tuaithe, i gcónaí.   

Duirt an tUachtarán

“ní amháin gur áiteacha cónaithe agus ionaid oibre iad ár gceantracha tuaithe, is láithreacha  fíorthábhachtacha iad do shaothrú ár gcine ina n-iomláine.  Is feighlithe iad a choinníonn ár mbia slán, agus ár gcomhshaoil i gcothromaíocht.   Ach, thar aon ní eile, is taisclann iad don iliomad saintréithe a bhaineann lenár modh maireachtála  – taipéis den tírdhreach, ceardaíocht agus saibhreas an chultúir dúchais; is mosaic pobal iad a nascann an muintir áitiúil, le pobal nuathagtha tré chéile; pobal a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile, bíodh sin ar bhonn croíúil comharsanachta nó i mbun oibre dóibh”.

“Tá níos mó i gceist le feirmeoireacht seachas a bheith ina ghné thábhachtach den ghéilleagar.  Is páirtnéireacht ar leith é, idir shaothróirí na talún, an nádúr, chónaitheoirí tuaithe, agus thomhaltóirí.  Más áil dóibh maireachtáil ar bhonn sláintiúil, ní mór dóibh roghanna a dhéanamh.   Braitheann na roghanna seo ar thaithí agus ar thacaíocht do stíl mhaireachtála atá bunaithe ar chomhthuiscint don inbhuanaitheacht”.