Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2020 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Dáta: hAo 13th Már, 2020 | 13:32

Mar Uachtarán na hÉireann guím gach beannacht ar ár muintir ar fud an domhain agus ar chairde na hÉireann, cibé áit ina bhfuil siad ar Lá Fhéile Pádraig dhá mhíle is fiche (2020). 

Pé áit agus pé cúinsí ina bhfuil tú, is duine de mhuintir dhomhanda na hÉireann tú. Bí linn agus lá féile ár bpátrún á cheiliúradh againn, agus muid ag tarraingt as tobar ár gcultúr, ársa agus nua-aimseartha, ár n-oidhreacht agus stair ár dtír, nithe a cheanglaíonn an méid sin duine ar fud na cruinne.

Ar an seachtú lá déag de Mhárta, cuimhnímid ar shaol Naomh Pádraig. Sclábhaí, deoraí, imirceach agus aspal. Inniu, agus aghaidh á thabhairt ag an domhan ar bhaol an choróinvíris, iarrtar orainn uilig luachanna Naomh Pádraig a mheabhrú dúinn féin.

Inniu tá géarghá le bunluachanna na dlúthpháirtíochta agus an chúraim maidir lenár gcomhshaoránaigh agus sinn ag dul i ngleic go héifeachtach leis an dúshlán atá romhainn anois.

Is dúshlán é ina iarrtar orainn tarraingt ar thraidisiún na cóiríochta agus ar chleachtas ár bpobal agus muid ag comhoibriú le chéile agus ag aithint riachtanas gach ball, go háirithe iad sin is leochailí.

Go minic, mar Uachtarán na hÉireann, ardaítear mo chroí nuair a fheicim spiorad fial na haontachta sna pobail ar fud na tíre seo. Tá an oiread sin samplaí den chúram agus den chomhbhá feicthe agam agus pobail ag teacht le chéile chun aire a thabhairt do dhaoine aosta agus breoite, agus leas na ndaoine leochaileacha agus imeallaithe á gcinntiú acu.

Táim cinnte go mbeidh an spiorad sin ag teacht chun cinn arís le linn na tréimhse deacra seo. Beidh éileamh ar an tsaoránacht fhial agus chomhbhách agus sinn ag iarraidh ár bpobail a choimeád slán.

Ná déanaimis dearmad, ach an oiread, gur saoránaigh i bpobal domhanda fairsing muid freisin.

Sa lá atá inniu ann tá Féile Pádraig mar cheiliúradh domhanda ar stair choiteann a shíneann amach go tíortha i bhfad i gcéin. Léiríonn sé na ceangail láidre atá ann i gcónaí lenár muintir ar fud an domhain, in ainneoin na mílte, na dteorainneacha agus na n-aigéan atá eadrainn. 

Mar bhaill den phobal domhanda sin ní mór dúinn dul i mbun oibre i spiorad na dlúthpháirtíochta agus an chomhoibrithe, agus dul i gcomhar le saoránaigh ar fud an domhain chun aghaidh a thabhairt ar na na héigeandálaí sláinte dhomhanda atá romhainn.

Ar an lá seo, agus féile Naomh Pádraig, á ceiliúradh againn bainimis tairbhe as scáth ár nÉireannachais chun todhchaí níos sábháilte a chruthú dúinn féin agus dóibh sin go léir a mhaireann ar ár bpláinéad leochaileach comhroinnte.

Thar ceann mhuintir na hÉireann, déanaim muintearas libhse go léir ar fud an domhain ar Éireannaigh sibh de thoradh bhur mbreithe, bhur sinsir nó bhur gcaidrimh agus leo siúd go léir a chabhraigh lenár muintir nó a bhfuil suim acu i gcúrsaí na hÉireann.

Guím Lá Fhéile Pádraig sona síochánta oraibhse go léir ar chuid de chlann na hÉireann sibh.

Beir beannacht.