Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn – Lá Fhéile Pádraig 2018

Dáta: hAo 16th Már, 2018 | 01:05

Tugaim mo bheannachtaí an Lá Fhéile Pádraig seo do mhuintir na hÉireann, agus dóibh siúd go léir ar fud an domhain atá in éineacht linn agus lá fhéile ár bpátrúin á cheiliúradh againn. 

Dóibh siúd a thugann tacaíocht do mhuintir na hÉireann agus do thraidisiúin na hÉireann, agus dóibh siúd a thagann ar cuairt orainn.

I gcaitheamh Fhéile Pádraig, tagaimid le chéile lenár n-oidhreacht shaibhir Ghaelach a cheiliúradh. 

Ach chomh maith leis sin lenár gcultúr comhaimseartha agus ilchineálach, mar a léirítear ar bhealaí éagsúla é, a chur in iúl.

Ceanglaíonn ár n-oidhreacht agus ár gcultúr sinn lenár muintir scaipthe dhomhanda. 

Agus cuireann i gcuimhne dúinn an stair agus an fhéiniúlacht atá á gcomhroinnt againn, in ainneoin na dteorainneacha, na n-aigéan agus an achair fhada a d’fhéadfadh a bheith eadrainn.

Níor cheart dúinn riamh dearmad a dhéanamh gur bhain tréithe na dlúthpháirtíochta, an mhuintearais agus an chineáltais maidir lena chomhshaoránach le saol Naomh Pádraig.  Léiríonn scéal a imirce féin téama atá ina chuid thábhachtach dár dtaithí náisiúnta.                                                                                                

Bhí cineálacha éagsúla imirce i gceist ag muintir na hÉireann anuas trí na glúine, idir dheonach agus neamhdheonach.

Cuid de spreagtha ag an éadóchas, cuid eile ag súil go mbeadh todhchaí níos fearr acu, agus cuid eile fós ag lorg taithí nua ar an saol.

Tá diaspóra leathan faighte againn de thoradh na taithí seo, ceann a chuireann ar ár gcumas ceangal buan a bheith againn lenár muintir chomhaimseartha thar lear, agus leo siúd de bhunadh na hÉireann ar fud an domhain.

Tá an oiread sin bainte amach san iliomad réimsí saothair ag muintir na hÉireann thar lear sna tíortha a bhfuil a mbaile déanta iontu, ach iad fós bródúil as a n-oidhreacht Éireannach.

Táimid bródúil go háirithe astu siúd atá páirteach in obair dhaonnúil agus i gcothú na síochána.

Tá a fhios maith againn, áfach, go raibh an saol crua ar chuid mhaith dár n-imirceoirí, roimh an nGorta agus i ndiaidh an Ghorta.

Bhí sé costasach litreacha a chur sa phost agus thóg sé tamall orthu taisteal an iliomad mílte a bhí idir daoine muinteartha.

Uaireanta, bhíodh drogall orthu siúd a bhí sa bhaile drochscéala faoi bhás nó faoi thinneas a insint, agus bhíodh fonn orthu siúd a bhí imithe an t-uaigneas agus an t-éadóchas, a bhain go minic lena dtaithí ar an eisimirce, a cheilt ar a dteaghlach.

Ní mór dúinn anois ceangail nua a chothú lena sliocht, agus is é sin atá uathu.

Ní mór dúinn a chinntiú go neartóimid na naisc lenár n-imirceoirí comhaimseartha.

Inniu, ar Lá ‘le Pádraig, agus sinn ag dul i dteagmháil lenár muintir Éireannach ar fud an domhain, féachaimis siar thar na mblianta agus cuimhnímis ar an iliomad litreacha nár scríobhadh riamh, nó nár seoladh riamh, ar na ceangail ríthábhachtacha a briseadh agus nár deisíodh riamh, ar scoitheadh na gceangal i dteaghlaigh a bhféadfadh a macalla a bheith fós ann i nglúine an lae inniu.

Cinnte, tá an t-ádh orainn go bhfuilimid inár gcónaí i ndomhan ina bhfuil an bhearna thíreolaíochta druidte go mór ag an teicneolaíocht nua-aimseartha, agus cuidíonn sé sin le muintir na hÉireann teacht le chéile pé áit ar domhan ina bhfuil siad, i spiorad na tacaíochta agus na dlúthpháirtíochta.

Bainimis leas as, ach ná déanaimis dearmad ar luach na litreach agus na cuairte.

Ar son mhuintir na hÉireann, déanaim muintearas leo siúd go léir ar fud an domhain ar Éireannaigh iad, más ó bhreith nó de bhunadh nó trí chaidreamh é sin.

Leo siúd a chuir fáilte rompu agus a chuidigh leo agus leo siúd a bhfuil suim acu i gcúrsaí na hÉireann.

Tá a fhios agam gur féidir linn tógáil ar a bhfuil den scoth san Éireannachas, chun todhchaí níos fearr a chruthú dúinn féin, dár gclann agus dóibh siúd go léir atá ina gcónaí ar an bpláinéad álainn, leochaileach comhroinnte seo.

Guím Lá Fhéile Pádraig sona agus síochánta oraibh agus orthu siúd ar cuid den mhuintir Éireannach iad.

Beir Beannacht.