President presents the annual Glór na nGael National Awards

Sat 22nd Apr, 2017 | 19:00
location: Carton House Hotel, Maynooth, Co. Kildare

Óráid ag Searmanas Bronnadh Náisiúnta Duaiseanna Ghlór na nGael

Óstán Teach Carton, Maigh Nuad, Co Chill Dara, 22 Aibreán, 2017

A Dhaoine Uaisle,

Is údar áthais agus gliondar dom a bheith in bhur gcuideachta anocht ag an ócáid speisialta seo ina ndéanfar ceiliúradh ar an obair dheonach atá á dhéanamh ó cheann ceann na tíre ar son na Gaeilge, ag coistí agus grúpaí pobail, cumainn Ghaelacha na nInstitiúidí Oideachais Tríú Leibhéal agus ag an gCumann Lúthchleas Gael. Ar an gcéad dul síos, is mian liom buíochas a ghabháil le Glór na nGael agus leis an Uasal Pat Carey, cathaoirleach, as ucht cuireadh a sheoladh chugam a bheith mar aoi oinigh na hócáide atá á cheiliúradh againn anocht.

Fearaim fíorchaoin fáilte roimh na h-iomaitheoirí, na buaiteoirí agus romhaibh go léir a thaisteal ó i bhfad agus i ngearr le freastal ar an ócáid seo anocht - táim cinnte go mbainfidh sibh sult as an oíche. Caithfidh gach duine agaibh smaoineamh gur buaiteoirí sibh go léir, fiú mura bhfuil duais bronnta oraibh nó nach bhfuil, mar ag deireadh an lae téann an obair fhiúntach atá á dhéanamh agaibh ar son na Gaeilge i bhfeidhm ar an bpobal ina bhfuil sibh lonnaithe ann, agus tá sibh mar inspioráid agus mar léiriú ar céard is féidir a dhéanamh i gceantar nuair a tharraingíonn pobal le chéile.

Ar dtús ba mhaith liom rud faoi leith a lua go sonrach, a thugann misneach agus ábhar dóchais dúinne, pobal na Gaeilge. Seo an tacaíocht láidir a bhfuil pobal na tíre toilteannach a ofráil nuair a iarrtar orthu d'ócáidí agus d'imeachtaí ina ndéantar ár dteanga agus ár n-oidhreacht a cheiliúradh go bríomhar.

Ar ndóigh bhí an tacaíocht seo le feiceáil agus muid ar an mbóthar chuig ár neamhspleáchas céad bliain ó shin agus leanadh leis ó ghlúin go glúin, anuas tríd na blianta ó shin - ach caithfimid glacadh leis go bhfuil dúshlán mór fós ós ár gcómhair. Chonaic muid anuraidh pobal iomlán na tíre, amuigh ag ceiliúradh, agus céad bliain caite ó aimsir Éirí Amach na Cásca.  Ba údar bród agus moráltacht do gach Éireannach an tacaíocht a tugadh d'imeachtaí an Chlár Comórtha. I rith na bliana, tháinig pobal na hÉireann, idir óg agus aosta chomh maith leis an diaspóra, amach ina sluaite chun freastal ar an réimse leathan d'imeachtaí a bhí eagraithe ar fud fad na tíre.

D'fhoghlaim óige na tíre faoi thábhacht staire agus oidhreacht na tíre. D'oibrigh daoine as lámha a chéile.  Bhí na meáin i lár an aonaigh ag gach imeacht agus cuireadh Éire agus a cultúr, ar scáláin ar fud an domhain mhóir. Chuaigh bród na nGael go smior ionam anuraidh, agus misneach agus moráltacht le feiceáil ar aghaidh  gach duine agus iad ag glacadh páirt ghníomhach sa chlár. 

B’íontach an rud é an Ghaeilge a fheiceáil mar chuid lárnach de cuid des na na comórthaí sin, go háirithe tríd na himeachtaí a cuireadh ar bun faoi ‘An Teanga Bheo’, snáithe Ghaeilge na gComórthaí. 

Gné láidir d'obair Ghlór na nGael ar feadh na mblianta atá le feiceáil againn anseo arís anocht, ná an bealach a nascann ár dteanga agus ár gcultúr pobal na tíre, chun teacht le chéile agus oibriú as lámha a chéile. Mar a deir an seanfhocal "Ní neart go cur le chéile" agus is fíor sin, mar ní féidir luach airgid a chur ar an gcomhoibriú seo.

Is sampla maith é den cur le chéile seo an obair dhíograiseach a dhéanann Glór na nGael, agus iad go seasta ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Rialtas, leis na hEagrais éagsúil agus leis an bpobal chun ár dteanga a chur chun cinn.  Spreagann siad coistí le bheith ag obair go dícheallach ag cur a gcuid ama agus a gcuid smaointe ar fáil go deonach.    Tuigeann muid ar fad gur ansa lenár gcroí ár dteanga agus a thábhachtaí agus atá sé go mbeidh cosaint déanta ar ár seod luachmhar.

Go minic agus mé ag tabhairt óráidí i rith na bliana céiliúradh anuraidh, d’iarr mé ar an lucht éisteachta iarracht speisíalta, nua, cruthaitheach a dhéanamh i leith na Gaeilge labhartha. Níl mé sásta go hiomlán gur glacadh le mo h-iarratas ar ghach léibhéal. Bhí na daoine óga dearfach  - ach iadsan ar léibhéal ard, níor bhain said úsáid as an bhliain chun nithe nua  agus modhanna nua i leith na teanga  a thriáil,  agus bhí an méid sin cabhrach don fhrith-ghluaiseacht i gcoinne an teangan atá ann i gcónaí. Ní glacaim leis an meon atá acusan go bhfuil an Gaeilge níos deacra a mhúineadh nó a labhairt ná aon teanga eile. Ach caithfimid léarmheas a dhéanamh ar na modhanna.

Ach ta áthas orm aithinteas a thabhairt d’iarrachtaí atá á dhéanamh ag Glór na nGael. Chomh maith leis an réimse Forbairt Pobail a bhí agus atá idir láimhe ag Glór na nGael anuas tríd na blianta ó 1961, ghlac siad go fonnmhar lena gcúramaí eile ó roghnaíodh iad mar cheann de na CeannEagrais Ghaeilge i 2014. Tá Glór na nGael ag obair le forbairt na Gaeilge i measc grúpaí Fionntraíochta agus Gnó agus ag forbairt na Gaeilge sa Teaghlach.  Tá comhoibriú láidir leis an gCumann Lúthchleas Gael ag treisiú na teanga sna clubanna, agus leis na Cumainn Gaelacha sna hOllscoileanna. Tríd Scéim Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, tá scóp íontach ag na clubanna cur le forbairt na teanga, agus tá seo déanta in onóir Sheosaimh Mac Donncha, laoch lucht leanúna Chumann Lúthchleas Gael, fear a rinne gaiscí ar an bpáirc imeartha agus fear a d'oibrigh go crua ar son an oideachais agus ar son na Gaeilge. Go ndéana Dia grásta ar a anam dílis.

Tá Glór na nGael bainteach le réimse leathan oibre agus le tograí éagsúil ar nós an Fhéile Pan Cheilteach atá faoi lán tseoil ag Glór Cheatharlach agus na sluaite i láthair ó na tíortha Ceilteacha.

Tá obair mhór ar siúl ag na coistí Gaeltachta ag cur Pleananna Teanga le chéile agus guím gach ráth ar na grúpaí seo i gcur i gcrích na bpleananna seo.

Is breá liom a chloisteáil faoi na forbairtí mhóra atá ar siúl ag Glór na nGael sa Tuaisceart. Le ionad bhreá oscailte i nGlór na Móna, chomh maith le áiseanna atá athchóirithe ag Muintir an Charn i Machaire Rátha, tá áiseanna curtha ar fáil a chinnteoidh go mbeidh oiliúnt agus traenáil curtha ar fáil don ghlúin óg in Ard Mhacha, Béal Feirste agus Doire.  Cuideoidh sé seo go mór le glúin óg spreagúil, díograsach a theacht chun cinn – is iad seo todhchaí ár dteanga. 

Mar a luaigh mé roimhe seo bíonn na meáin go láidir in aon ócáid bainteach leis an nGaeilge agus ní fhéadfaidh muid dearmad a dhéanamh anocht ar fhear uasal eile a tógadh uainn ró-luath, agus é i mbarr a mhaitheasa - Séamus Mac Géidigh.  Craoltóir cumasach, ildánach a bhí ann.  Gael a raibh cliú agus cáil air i measc an phobail mar sár-thráchtaire spóirt. Is cúis áthais dom go bhfuil Gradam le bronnadh anocht ar Mhuintir Shéamuis Mhic Géidigh.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis. 

Is íontach an rud é an líon cumainn atá linn anocht ó na hOllscoileanna éagsúla. Tréaslaím libh ar fad as an tionchar atá á imirt agaibh in bhur n-ollscoileanna, leanaigí oraibh leis an dea-obair, le fuinneamh agus spiorad. Is mian liom freisin tagairt a dhéanamh ar an obair den scoth atá ar siúl ag na grúpaí idirnáisiúnta faoin scéim Global Gaeilge, le cultúr agus teanga na tíre seo a chur chun cinn thar lear.  Tá an nasc idirnáisiúnta seo fíor-thábhachtach, go háirithe sa lá atá inniu ann agus muid i lár thréimhse fíor-chorraitheach i gcúrsaí polaitiúla go domhanda.  Tá an chultúir agus an teanga in ann daoine a thabhairt le chéile agus tá súil agam go dtiocfaidh tuilleadh forbairt ar an nasc seo sna blianta amach romhainn.

Mar fhocal scoir, is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Pat Carey, le Lorcán Mac Gabhann, le Nora Welby agus le foireann Ghlór na Gael as bhur saothar agus bhur ndíogras agus sibh ag reáchtáil an chomórtais seo go bliantúil.  Tá ról lárnach bainte amach ag na Gradaim seo i saol na Gaeilge, agus tábhacht ar leith ag baint leis an aitheantas a thugann siad dóibh siúd atá ag saothrú le cur chur cinn na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Guím gach rath oraibh don todhchaí.

Go raibh míle maith agaibh go léir.