Media Library

Speeches

Teachtaireacht do Mhic Léinn Tríú Leibhéal agus Breisoideachais ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn

19 Bealtaine, 2021

Agus an bhliain aisteach acadúil seo ag tíocht chun críche, is mian liom traoslú leo agus gach beannacht a ghuí ar na mic léinn tríú leibhéal agus breisoideachais go léir ar oileán na hÉireann as a niarrachtaí thar ghnáth I gcoinníollacha dúshlánacha. Beatha agus sláinte chugaibh uilig agus guím gach beannacht oraibh don todhchaí.

Bliain í seo nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, agus bhí dúshláin mhóra, nua inti do mhic léinn a bhí ag tabhairt faoin mbreisoideachas.

Tuigim go rímhaith an t-uaigneas a bhí ar chuid agaibh de bharr an gá a bhí ann díbh staideár a dheánamh gan bheith i gcuideachta bhur gcomrádaithe léinn agus an brú a chuireadh ar bhur gclann de bharr na léachtaí agus ranganna teagaisc a bheith ar líne seachas sna choláistí.

Tuigim freisin na deacrachtaí ar leith a bhain leis an bhfoghlaim agus an staidéar a dhéanamh go minic san do daltaí aírithe i suímh cúnga, mí-oiriúnacha.

Ní raibh sé éasca oraibh struchtúr agus spreagadh de shaghas éigin a choimeád trí thréimhsí  fada de léachtaí réamhthaifeadta, agus gan an tacaíocht ó mhic léinn eile timpeall oraibh.

Arís eile rinne Covid-19 dochar níos measa do ghrúpaí áirithe thar a chéile, agus is iad siúd le heaspa acmhainní is mó a bhí thíos leis.  

Cinnte, is gnáth deis iad na blianta ollscoile le caidrimh nua a bhunú, le ciorcail cairdis a leathnú agus le ballraíocht a ghlacadh i ngrúpaí agus i gcumainn spoirt, díospóireachta agus cruthaitheachta, seo a chuidíonn le bláthú na dtallann agus an chumais samhlaíochta taobh amuigh den sféar acadúil.

Is mór an trua í nárbh fhéidir an taithí saibhris seo a bheith ann díbhse i mblíana, mar a bhí i mblianta eile, mar gheall ar an fhreagra a bhí ag teastaíl ar an bpaindéim, ní raibh éalú as.

Níl dabht ar bith orm gur chuir na coinníolacha eisceachtúla seo an-díomá go deo oraibh.  Íobairtí riachtanacha ab ea iad seo go léir, ar son sláinte poiblí.

Bhí na híobairtí seo dian áfach, agus bhí mianach agus neart morálta ag teastáil uaibh go léir le dul i ngleic leo.  Is mian liom a aithint gur thug sibh faoin iarracht seo go coinsiasach agus go fial, ar mhaithe lenár saoránaigh is goilliúnaí a choimeád slán.  Traoslaím libh agus gabhaim buíochas libh.

Mar Uachtarán, aithním i ngach rud a rinne sibh spiorad saoránachta, agus an dea-thoil a léirigh sibh in bhúr bhfreagra ar an mbagairt ar shláinte an phobail.

Is cinnte gur íobairt mór í imeacht ar aghaidh leis an staidéar gan na gnáth deiseanna bualadh le chéile i hallaí léachta, seomraí teagaisc agus grúpaí staidéir, ach rinne sibh í.  Traoslaím libh.

Cuid lárnach d’eispéireas na hollscoile iad na deiseanna tábhachtacha seo le tabhairt faoin díospóireacht agus dioscúrsa oscailte.  Bain taithneamh astu nuair a bheidh siad ar fail.

Bhí nithe in bhúr saoil a raibh sibh ag súil leo curtha ar ceall.  É sin ráite, arís deirim go beidh buíochas agus cuimhne ag dul daoibh i gcónaí as an ról d’imir sibh le linn dúshlán mór dár muintir.  COVID-19.

Beidh cuid agaibh, sna seachtainí atá amach romhainn, ag teacht i dtreo dheireadh bhur dturais tríú leibhéal agus ag déanamh machnaimh ar an gcéad chéim eile a thógfaidh sibh ar bhur gcosáin saoil.  Go neirí libh ar bhur mbealaigh.

Beidh chuid eile agaibh ansin ag filleadh ar a bhúr n-ollscoileanna, coláistí  agus institiúidí an fómhar seo chugainn, tá súil agam i gcúinsí éagsúla ó na cinn atá ann faoi láthair.  Bain taithneamh as.

Is féidir libh go léir, beag beann ar an staid ag a bhfuil sibh in bhúr saol acadúil, cuimhnú siar ar an mbliain seo caite le bród agus sásamh gur fhreagair sibh an glaoch, ar leibhéal domhanda agus áitiúil le dlúthpháirtíocht agus neart ag am deacair, dainséarach agus dúshlánach.

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil libh as spiorad na seasmhachta, na daonnachta agus an chomhphobail a léirigh sibh le linn an ama seo.  Spiorad í seo a bheidh mar threoraí do bhur dtodhchaí mar shaoránaigh ghníomhacha, dhíograiseacha ar féidir na nglúnta atá le teacht a bheith bródúil astu.  

Guím gach rath oraibh sna todhchaí sin, cibé triail a chuirfear os bhur gcomhair, in bhur saolta, atá lán de féidearthachtaí díbh.

Beir beannacht don todhchaí.