Media Library

Speeches

Teachtaireacht Chuig Daltaí Rang A Sé Ón An Uachtarán Micheál D. Óhuigínn

2 Meitheamh, 2020

Dia dhíbh a pháistí. Sibhse ar fad nach bhfuil ach seachtainí fágtha agaibh sula críochnaíonn sibh bhur leathanta sa bhunscoil, seolaim mo bheannachtaí chugaibh uilig. 

Is ait an saol atá againn le cúpla mí anuas. Tuigim go maith cé chomh deacair is a raibh sé oraibhse, ar bhur múinteoirí agus ar bhur dtuismitheoirí le linn na hama sin. Daoibhse ar chaill gaolta libh le déanaí, ba mhaith liom mo chomhbhrón óm’ chroí a chur in iúl díbh.

B’fhéidir go bhfuil imní oraibh chomh maith faoi ghaolta atá tinn nó i mbaol. Tá a fhios agam, ó na litreacha ar fad atá faighte agam, go n-airíonn sibh uaibh sean-máthaireacha, sean-athaireacha , colceathracha agus comharsana nach bhfaca sibh le tamall.

Táim cinnte freisin, go n-airíonn sibh uaibh bhur gcáirde scoile agus bhur múinteoirí. Tá díomá ar go leor díbh, ar ndóigh, toisc, mar shampla, gur cuireadh Cóineartú, laethanta spóirt, ceolchoirmeacha scoile, searmanais fágála scoile agus imeachtaí eile ina ndéantar ceiliúradh ar dheireadh na bunscoile go traidisiúnta ar athló nó ar ceal.

Mar Uachtarán na hÉireann, tá mé an-bhródúil as an gcaoi inar fhreagair sibh na dúshláin seo. Lean sibh libh ag foghlaim sa bhaile, ag oibriú le bhur múinteoirí agus bhur dtuismitheoirí.

Tá bealaí nua aimsithe agaibh freisin le fanacht i dteagmháil le bhur gcairde agus chun tabhairt faoi bhur gcaitheamh aimsire. An t-am ar fad,  tá sábháilteacht daoine eile, bhur ngaolta agus comharsana san áireamh, curtha chun tosaigh agaibh thar bhur mianta agus pleananna féin. Molaim sibh. Is éachtaí iad sin agus is féidir libh a bheith an-bhródúil astu.

Fiú go raibh an téarma deiridh seo sa bhunscoil deacair daoibh ar go leor bealaí, tá nithe dearfacha le tógaint as b’fhéidir. Tá súil agam gur fhoghlaim sibh rud éigin an-tábhachtach faoi bhur laethanta scoile. D’fhoghlaim sibh nach iad na foirgneamh amháin atá tabhachtach sa scoil ina bhfuil seomraí ranga ina ndéantar ceachtanna, scrúduithe agus ina gceartaítear obair bhaile. Tá i bhfad níos mó ná sin i gceist le scoil.

Is ar scoil a bhí sibh ag foghlaim cáirdeas, ag oibriú le chéile i bhfoirne, ag aimsiú agus ag forbairt bhur mbuanna. Is ar scoil a rinne sibh ceiliúradh ar na rudaí atá againn i gcoiteann mar chomhluadar agus ina n-aithnímid agus ina mbíonn meas againn ar na héagsúlachtaí atá eadrainn.

Is ar scoil a d’fhoghlaim sibh le bheith mar baill consiasaigh de phobal agus, an rud is tábhachtaí, conas miantraí, dualgaisí agus ceartanna daoine eile a áireamh sa phobal sin, trína bheith cineálta agus tacúil agus flaithiúil. Is ar scoil agus sa bhaile a scaoilimid saor ár gcruthaitheacht agus a thosaímid ag traisiú ár gcumas mar shaoránaigh, agus a thuigimid an tábhacht a bhaineann le bheith mar dhaoine a oibríonn le daoine eile chun cuma níos fearr a chur ar ár sochaí.

Cé go bhfuil an foirgneamh scoile dúnta anois le seachtainí, tá sibh aontaithe go fóill. Is léir nach féidir le COVID19 ar bith an nasc atá agaibh leis na daltaí eile agus le foireann na scoile a chealú ná a bhriseadh.

I Meán Fómhair beidh sibh ag tosú ar chaibidil nua, spleodrach in bhur saol agus tá súil agam go mbeidh sibh in ann breathnú siar ar bhur mblianta sa bhunscoil le buíochas, gean agus greann freisin.

Agus sibh ag fágáil slán le bhur mblianta bunscoile, agus ag féachaint chun cinn i dtreo an chéad bhliain sa mheánscoil, guím gach sonas oraibh uilig agus sibh ag leanúint ar aghaidh ar bhur dturas san oideachas.

Beir beannacht don todhchaí.

 

 

Micheál D. Ó hUigínn

Uachtarán na hÉireann

Bealtaine 2020