Media Library

Speeches

Ráiteas an Uachtaráin Ar Ócaid Fhógairt Príomhbhuaiteoir Ghlór na nGael 2019

Áras an Uachtaráin, Thursday 21 May 2020

A chairde Gael,

Is mór an phribhléid dom páirt a ghlacach san ócáid spreagúil seo agus príobh-bhuaiteoir chomórtais Glór na nGael 2019 á fhógairt.  

Bhíomar le bheith bailithe le chéile i nGaoth Dobhair i mí Aibreáin  chun bhur n-iarrachtaí agus bhur n-éachtanna a chéiliúradh. Faraor, ar nós gach ní eile le déanaí, ní mar sin a tharla, ach tréaslaím le Lorcán Mac Gabhainn agus foireann Glór na nGael as ucht an ócáid fíorúil seo a reachtáil. Cé go bhfuil srianta orainn faoi láthair toisc an Coróin Víreas, níl aon bac orainn an méid atá bainte amach ag na h-iomaitheoirí agus na buaiteoirí araon a chéiliúradh, agus ár n-aitheantas a thabhairt do bhur ndíograis agus bhur ndea-oibre.

Mar Uachtarán na hÉireann bím i dteangbháil leis na mílte duine fud fad na tíre agus feicim chuile lá toradh bhur n-iarrachtaí ar son na teanga. Tá an Ghaeilge beo i ngach réimse de shaol na tíre seo. Cé go bhfuil neart oibre fós le déanamh againn, airím go bhfuil aibíocht tagtha le blianta beaga anuas i measc an daonra i gcoiteanna agus an sean frith-ghaelachas ag cúlú. Tá fuinneamh, bród agus meas go láidir inniú i measc lucht labhartha na Gaeilge. Tá ghlúnta nua ag teacht aníos ag a bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach ina tsaoil acu agus í á úsáid go nádúrtha gach lá acu i gcómhthéacsanna eágsula.

Ní tharlaíonn a leithéad trí thimpist ach trí iarrachtaí ban agus fir a aithníonn tábhacht ár dteanga agus ár n-oidhreacht agus a n-áit lárnach san Éirinn il-ghnéitheach, nua-aoiseach ina mairimid.

Sí an toradh ar bhúr n-iarrachtaí ár dteanga a thabhairt chuig lár an aonaigh i slíte mealltacha agus iniatacha. Tá  spreagadh agus misneach á thabhairt agaibh don phobail mhór. Molaim sibh uilig.

Ta sé soiléir ón ngear-liosta a d’ullamhaíodh don phríomhdhuais go bhfuil dícheall á dhéanamh i gCuige Uladh go háirithe, le ceithre cinn den chúig iomaitheoirí. Tréaslaím libh agus le muintear Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Is laochanna sibh uilig.

Maidir leis an buaiteoir, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, ní féidir liom ach comhghairdeas óm’ chroí a dhéanamh libh. Tá an Chultúrlann beagnach 30 bliain ar an bhfód agus í imithe ó neart go neart thar na blianta sin. Inniú tá sí mar lárionad an phobail agus eiseamlár don tír ar fad ar chonas ár gcultúr agus ár dteanga a neartú.

Tréaslaím libh agus le gach éinne ar fud na tíre a ghlac páirt sna comortais éagsúla agus atá ag obair leo lá go lá chun an teanga a chur chun cinn.

Coimead slán agus Beir Beannacht.