Media Library

Speeches

Óráid an Uachtaráin Uí Uigínn Tae leis an Uachtarán

Áras an Uachtaráin, Dé Céadaoin, 13 Márta 2019

Dia dhaoibh a chairde. Is cúis mhór áthais dom féin agus do mo bhean chéile Saidhbhín, fáilte uí cheallaig a fhearadh romhaibh uilig chuig Áras an Uachtaráin. Bíonn ócáidí den tsaghas seo againn go rialta anseo san Áras ag tabhairt aitheantas do ghrúpaí dhifriúla go h-áirithe iadsan atá ag obair go deonach ar leas a gcomharsan.  Dá bhárr sin bhí sé mar smaoineamh againn go mbeadh sé tráthúil an tseachtain speisialta seo, - Seachtain na Gaeilge -  tráthnóna a chaitheamh le chéile agus cumarsiád a bheith againn le cómhrá inár dteanga dhúchais.

Bailithe anseo mar atá sibh inniu, ó cheann ceann na tíre, agus lig dom a rá go bhfuil sibh ag breathnú thar a bheith galánta leis. Tréaslaim libh!

Tá grúpa mhór ó Ghael Taca tar éis taisteal suas chugainn ó Chorcaigh ar an dtraen. Bíonn an seirbhís ar na dtraenacha as Corcaigh ar leibhéal speisialta. Mar ba choir dár ndoigh. Tá fáilte romhaibh! Dream eile ó Áras Chrónáin i gcroílár Ghaeltacht Chluain Dolcáin agus is mór an meas atá agam ar bhur n-éachtanna don teanga thar na blianta. 

Tá ionadaithe anseo ó RTÉ agus TG4 agus is mór an tacaíocht iad an dá eagrais céanna chun an Gaeilge a chur i lár an Aonaigh i gcomhthéacs mealltach agus suimiúil don phobal mór. 

Níos giorra do mo préamhacha féin i gCo an Chláir, tá baill d’fhoireann Ghaelscoil Mhichíl Cíosóig in Inis, Contae an Chláir linn chomh maith.

Táim buíoch, leis, go bhfuil baill de chiorcail cainte Mhaigh Cromtha, ó Chontae Corcaigh linn.  Tuigim go mbuaileann sibh le chéile go ríalta sa leabharlann phoiblí chun bhur gcuid Gaeilge a úsáid.  

Tá dream eile de mhúinteoirí agus tuismitheoirí ón scoil íontach sin i mBaile Hearmain i dTuaisceart Átha Cliath - Scoil Neasáin agus tá ionadaithe ó Ollscoil Mhaigh Nuad agus Coláiste na hOllscoile Átha Cliath linn leis.

Agus ón nGaeltacht i Co Ciarraí, tá Mhuintir Uí Shé  ó Choirce Dhuibhne linn freisin, na ceathrar deartháracha, agus a bpáirtnéirí. B’fheidir go mbeidh Damhsa Chiarraí againn níos deanaí!  

Tá ballraíocht anseo againn freisin ó Chomhairle Gaeilge, Óglaigh na hÉireann, agus cuireann muid fáilte mór rompu.

Inár dteannta chomh maith agus ag cuidiú linn inniu, tá seisear dalta scoile ón Aonad i gCampus Oideachais Mhaigh Nuad agus beirt ó fhoireann na scoile leo. Tá fáilte romhaibh agus táim buíoch daoibh as ucht an cabhair uaibh tráthnóna.

Tá daoine eile anseo a bhí i dteagbháil liom thar na blianta agus ag a bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach ina saoil acu. 

Mar siamsaíocht, beidh Lorcan Mac Mathúna, amhránaí nuálach sean nós  agus a chara ceolmhar Éamonn Galldubh, saor- seinnteoir ar na Píobairí Uilleann. Go raibh maith agaibh beirt.

Tá sibh ar fad gafa, in bhur slite dhifriúla, leis an nGaeilge agus ag déanamh bhur ndícheall  í a fhoghlaim, a fheabhsú, a labhairt, a mhúineadh - a choimeád mar theanga beo ar fud na tíre. Bím féin ag déanamh iarracht mo chuid Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir agus tugann sé misneach faoi leith dhom an méid duine a thosaíonn a gcomhrá liom in nGaeilge, is cuma cén saghas ócáid ag a bhfuilim. 

Ní féidir a shéanadh ach go raibh, ón am a bhunaíodh an post, ról nach beag ag Uachtaráin na hÉireann i gcur chun cinn na Gaeilge – chomh fada siar leis an gcéad Uachtarán, Dubhghlas de hÍde, ceannródaí athbheochain na Gaeilge agus is phribhléid dhomsa leanacht leis an obair sin a méid agus is féidir liom.

Tá muid bailithe le chéile anseo, idir óg agus aosta, idir lucht líofa agus foghlaimeoirí, chun ceiliúradh beag a dhéanamh le chéile ar ár n-oidhreacht, ár gcultúr teanga atá caomhnaithe againn mar phobal  in ainneoin deacrachtaí agus dúshlán na staire.

Is cúis cheiliúrtha ann féin é go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag dul ar aghaidh ón mbliain 1902 faoi choimirce Chonradh na Gaeilge agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin. Agus nach íontach an rud é go maireann an seachtain ar feadh coicís! Cuirim fáilte inniu roimh Orlaith Nic Gearailt agus Julian de Spáinn ón gConradh agus tréaslaim libh as ucht na himeachtaí ar fad atá eagraithe agaibh arís i mbliana. 

Is fiú dúinn cuimhniú siar chomh maith ar na h-iarrachtaí a bhí ag teastáil ó dhaoine ar nós Dúbhglas de hÍde a tua mé,  ceann de na bunaitheoirí Conradh na Gaeilge, agus an iliomad duine ó shin i leith,  chun a háit cuí a dheimhniú don Ghaeilge inár saol poiblí, sa státchóras, sa chóras Oideachais agus inár meán cumarsáide. 

Dúinne, atá chomh tógtha leis an nGaeilge, is ábhar chéiliúradh í an teanga. Is chuid lárnach í d’ár n-oidhreacht agus dár bhféiniúlacht. Nuair a thuigimid luach na teanga, agus gach ní a bhaineann léi, tuigimid, ag an am chéanna, luach na nithe eile d’ár gcultúr, agus leis sin luach na teangaí eile a úsáidtear ar an Oileán seo, agus tábhacht na traidisiúin éagsúla atá ag maireachtáil ar scáth a chéile fud fad an Oileáin seo.  

Nuair a labhraímid lé chéile i nGaeilge táimid ag déanamh ceangal le chéile, dar ndóigh, ach ar slí eile táimid ag déanamh comhrá lenár sinsear agus na glúnta ar fad a chaith a tsaoil ar an oileán seo romhainn, thar na mílte bliain trí mheán na Gaeilge agus iad a d’imig agus a dtóg an teanga leo. Nuair a úsáidimid ár gcuid Ghaeilge táimid ag leanacht leis an cuspóir sin a bhaint amach go gcoimeádfar slán ár dteanga ar mhaitheas an phobal mhór agus na glúnta atá le teacht inár ndiaidh. 

Is cuspóir réasúnta í sin d’ár phoblacht, dar liom féin.  Tír a bheith againn ina bhfuil an Ghaeilge bheo bheathach; Tír atá ar a compord lena h-oidhreacht, lena cultúr agus lena dúchas; Tír ina bhfuil na deacrachtaí agus na dúshláin a bhí cruthaithe tríd na hiarrachtaí ár gcultúr a scrios, taobh thiar dúinn. Tír atá ar aon chéim le gach tír eile ar domhan. 

Cé go bhfuil dúshláin romhainn i gcónaí tugann sé misneach dom go bhfuil an Ghaeilge in  úsáid chuile lá sna Gaeltachtaí, sna naíonraí agus sna Gaelscoileanna. Tá sí á labhairt agus á fhoghlaim sna campaí samhraidh agus sna teaghlaigh Ghaelacha fud fad na tíre. Tá sí le chloisteáil agus le léamh ar na meáin chumarsáide agus beo sna ciorcail chomhrá, sna clubanna leabhar, sna “pop-up” Gaeltachtaí agus sna seisiúin cheoil ar fud na tíre agus ar fud na cruinne. 

Bhíos i nDún Geanainn i dTír Eoghan agus i nDeisceart Árd Mhacha an tseachtain seo chaite agus tá an Ghaeilge breá beomhar i measc an óige ann, mar atá sí i go leoir áiteanna in Uladh.  

Ar ndóigh, ní aithníonn teangacha teorainneacha agus creidim féin go mbeidh rath ar an teanga nuair a bheidh sí fite fuaite le gnáthshaol na gcathracha agus na mbailte móra mar aon leis na ceantair Ghaeltachta.  

Dá bhrí sin, caithfidh mé ard-mholadh a thabhairt don dea-obair atá ar siúl ag Corcaigh le Ghaeilge agus Áras Crónáin agus na  h-eagraíochtaí eile chun a chinntiú go mbeidh deiseanna cainte curtha ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge agus lucht foghlamtha na Gaeilge araon. Is tríd an dea-obair seo a chinnteofar go mairfidh an Ghaeilge mar theanga beo do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, díreach mar a shlánaigh ár sinsir romhainn an oidhreacht luachmhar seo dúinn.

Tá buíochas agus meas ag dul daoibhse is daoine eile cosúil libhse thar timpeall na tíre a aithníonn luach na teanga, áileacht na teanga agus tábhacht na teanga. Sibhse atá ag déanamh sár iarracht úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a craobhscaoileadh go bródúil agus go forleathan ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.

Mar Uachtaráin na hÉireann, tréaslaím libh agus molaim sibh. 

Go raibh míle maith agaibh go léir, agus bainigí sult as an tráthnóna.

Beir Beannacht