Media Library

News Releases

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Gerard Brady

Date: Sun 17th May, 2020 | 11:01

“Tá an-bhrón orm a chloisteáil go bhfuil Gerard Brady, iar-Aire Rialtais agus Reachta Dála, básaithe.

Cuimhneoidh na daoine a d’oibrigh leis mar Theachta Dála, mar Chomhalta Coiste, Aire Stáit nó Aire ar Gerard Brady mar dhuine de na comhaltaí is cúirtéisí riamh a d’oibrigh sa Dáil.

Chaith mé tréimhse leis i nDáil Éireann, agus is cuimhin liom an tsuim a bhí aige sa chomhshaol, sna healaíona, sa chultúr, go háirithe an fhilíocht, agus i saincheisteanna domhanda na bochtaineachta agus an ghanntanais san Afraic, lenar thiomnaigh sé a scileanna gairmiúla bliain i ndiaidh bliana.

Aireoidh muintir Bhaile Átha Cliath Thoir-Theas, ar fhreastail sé orthu, a chomhghleacaithe sa pholaitíocht, a chuid cairde ar fad, agus ar ndóigh a theaghlach, a bhean chéile Antoinette agus a leanaí Natalie, Cormac, Kieran agus Brian agus a mhuintir uathu go mór é agus seolaim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón chucu go léir.”