Media Library

News Releases

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Joe Steve Ó Neachtáin

Date: Mon 20th Jan, 2020 | 12:41

“Mar Uachtarán na hÉireann, déanaim comhbhrón óm’ chroí le clann, cairde agus comhghleacaithe Joe Steve Ó Neachtáin a fuair bás inné.

Ba scríbhneoir ildánach, file agus aisteoir den scoth é Joe Steve agus é sáite fad a shaoil ina phobal dúchais – pobal na Gaeltachta i gConamara. Mar scríbhneoir, aithníodh ardchaighdeán a shaothair tríd iliomad gradaim bronnta air toisc áilleacht a dhrámaí, úrscéalta, gearrscéalta agus a chuid filíochta. Déanach ball d’Aosdána é toisc an máistreacht a thaispeáin sé ina gceird. 

Bhí clú air chomh maith de bharr an róil a bhí aige mar aisteoir i Ros na Rún agus toisc a cheannaireacht i ngluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta.

Is cuimhin liom go maith na h-amanta a chaitheas thar na blianta i gcomhluadar Joe Steve agus táim buíoch dó i gcónaí as ucht a dhea-chomhairle, a thacaíocht agus a chairdeas.

Déanaim féin agus Saidhbhín comhbhrón inniu lena bhean chéile, Máirín, a bheirt iníon Luisne agus Aisling, agus a mhac Páid agus lena chlann uilig.

Ar dheis Dé go raibh a anam.”