Media Library

News Releases

Statement by the President on the retirement of Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha

Date: Mon 16th Nov, 2020 | 14:46

Is mian liom, mar Uachtarán na hÉireann, gach rath agus beannacht a ghuí ar Mháirtín Tom Sheáinín Mac Donncha, agus é ag eirí as a phost mar chlár-reachtaire le Radio na Gaeltachta tar éis na blianta fada ag freastal ar Phobal na Gaeltachta agus ar Phobal na Gaeilge fud fad na tíre.

Lena ghuth mealltach agus a chur i láthair suimiúil, d’éirigh le Máirtín Tom Sheáinín lucht éisteachta dílis a bhailiú agus a choimeád. Aireoidh siad uathu a thuiscint ar shaoil mhuintir na Gaeltachta, ar chúrsaí reatha agus ceoil, an réimse leathan d’ábhar cainte agus mhachnaimh a chur sé ós a gcomhair agus a ard-chumas mar agallóir ar a chlár Ardtráthnóna.

Tréaslaím agus gabhaim buíochas le Máirtín Tom Sheáinín don sár-sheirbhís phoiblí atá déanta aige le Radio na Gaeltachta agus guím gach rath air sna heachtraí atá roimhe.