Dara Téarma

Réamhrá

Ina aitheasc tionscnaimh in 2011, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go n-úsáidfeadh sé a Uachtaránacht chun smaointe a chur chun cinn chun an tsochaí a athrú ó bhonn, chun ceiliúradh a dhéanamh ar thionscnaimh ar ghlac saoránaigh leo cheana ar fud na tíre agus nuálaíocht agus smaointeoireacht bhunaidh a spreagadh – Uachtaránacht smaointe. 

I rith a chéad téarma, sheol an tUachtarán Ó hUigínn roinnt Tionscnamh Speisialta, ar a ndéantar cur síos in áiteanna eile ar an suíomh gréasáin seo. 

Dá dhara téarma, a thosaigh i mí na Samhna 2018, thug an tUachtarán Ó hUigínn fís le fios de “phoblacht fhíor atá ina shaol a chaitear le chéile, ina bhfuil tiomantas don chomhionannas, do phobail inbhuanaithe láidre, do stair a roinnt agus do chruth a chur ar an todhchaí le chéile; agus ár leochaileachtaí a aithint, ag tarraingt ar ár gcumais aonair agus chnuasaitheacha.”