Nuacht

Cuairt Stáit chuig An Ríocht Aontaithe

Cuairt Stáit chuig An Ríocht Aontaithe

Foilsithe: Céa 26th Már, 2014 | 14:54

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin
Cuairt Stáit chuig An Ríocht Aontaithe – An Clár

Tabharfaidh an tUachtarán Michael D. Higgins Cuairt Stáit ar An Ríocht Aontaithe ón 8 go dtí an 11 Aibreán 2014. Beidh sé seo ar an gcéad Chuairt Stáit ag Ceann Stáit na hÉireann go dtí An Bhreatain. Fágfaidh an tUachtarán agus Sabina Higgins, a bheidh á dtionlacan ag an Tánaiste, an tUasal Eamon Gilmore TD agus toscaireacht oifigiúil, Baile Átha Cliath ar an iarnóin, Dé Luain 7 Aibreán agus fillfidh siad tráthnóna Dé hAoine an 11 Aibreán as Coventry. Le linn na Cuairte Stáit, beidh an tUachtarán agus Sabina ina n-aíonna ag a Soilse, an Bhanríon, ag Caisleán Windsor.

Dé Luain 7 Aibreán

Imeoidh an tUachtarán agus Sabina Higgins ó Áras an Uachtaráin go deireanach san iarnóin. Soláthrófar onóracha míleata ag an Áras roimh imeacht dóibh. Nuair a shroichfidh siad Heathrow, cuirfidh Ambasadóir na hÉireann, an tUasal Dan Mulhall agus an Bíocunta Hood, Fear Coimhdeachta a Soilse, An Bhanríon, fáilte rompu.

Dé Máirt 8 Aibreán

Maidin Dé Máirt, buailfidh an tUachtarán agus Sabina Higgins lena Mhórgacht Ríoga, Prionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine in Ambasáid na hÉireann i Londain, agus ina dhiaidh sin imeoidh siad in éineacht chuig Windsor.

Cuirfidh a Soilse, An Bhanríon Éilís II, agus a Mhórgacht Ríoga Diúc Dhún Éideann fáilte fhoirmeálta roimh an Uachtarán agus Sabina ag an Dás Ríoga, Bóthar Datchet, Windsor agus ina dhiaidh sin rachaidh siad le chéile i gcóiste capaill i gcomhair searmanais fáilte i gCaisleán Windsor. I gCearnóg Chaisleán Windsor, déanfaidh an tUachtarán, i gcuideachta Dhiúc Dhún Éideann, cigireacht ar an nGarda Onóra. Mar chuid den fháilte fhoirmeálta, scaoilfidh an Garda Onóra An Chúirtéis Ríoga agus seinnfidh an banna ceoil Amhráin Náisiúnta na hÉireann agus na Breataine.

Tar éis lóin phríobháidigh arna óstáil ag an mBanríon i gCaisleán Windsor, tabharfaidh A Soilse cuireadh don Uachtarán agus do Sabina féachaint ar nithe a bhfuil baint acu le hÉirinn as an mBailiúchán Ríoga. Ina dhiaidh sin tabharfaidh siad aghaidh ar Londain agus cuairt ar Mhainistir Westminster, áit a gcuirfidh an Dr. Ró-Oirmhinneach John Hall, Déan Westminster fáilte rompu. Sula dtosóidh sé ar thuras na Mainistreach, leagfaidh an tUachtarán bláthfhleasc ar Uaigh an tSaighdiúra Anaithnid.

Níos deireanaí san iarnóin, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Phálás Westminster, áit a gcuirfidh Spéicéir Theach na dTeachtaí, an tUasal John Bercow, MP agus Ard-Spéicéir Theach na dTiarnaí, An Banbharún D’Souza fáilte roimhe. Ansin tabharfaidh an tUachtarán aitheasc don dá Theach agus ina dhiaidh sin déanfaidh sé freastal ar fháiltiú le comhaltaí na nGrúpaí Parlaiminte Uile-Pháirtí.

Sa tráthnóna, tabharfaidh Ceannaire an Fhreasúra, an tUasal Ed Miliband MP cuairt chúirtéise ar an Uachtarán i gCaisleán Windsor.

Níos deireanaí sa tráthnóna beidh an tUachtarán agus Sabina ina n-aíonna onóra ag Féasta Stáit arna óstáil ag an mBanríon i gCaisleán Windsor. Tabharfaidh an Bhanríon agus an tUachtarán aitheasc gearr araon ag an bhFéasta seo.

Dé Céadaoin 9 Aibreán

Maidin Dé Céadaoin, beidh an tUachtarán agus Sabina á dtionlacan ag a Mhórgacht Ríoga, an Prionsa Andrew, Diúc York go dtí an Staighre Mór i gCaisleán Windsor chun meirgí na reisimintí Éireannacha díscaoilte a fheiceáil. Tá na meirgí sin sa Chaisleán ó 1922 i leith.

Tabharfaidh an tUachtarán agus Sabina cuairt ansin ar Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Londain ar bhóthar Euston, áit a gcuirfidh an tIarla Howe, Fo-Rúnaí Parlaiminte Na Roinne Sláinte sa RA, fáilte rompu. Buailfidh an tUachtarán agus Sabina le hothair agus le baill foirne Éireannacha, idir iarbhaill agus bhaill reatha, a bhfuil cion tairbhe tábhachtach déanta acu don tSeirbhís Sláinte Náisiúnta.

Níos deireanaí ar maidin, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an gCumann Ríoga, áit a bhféachfaidh sé ar thaispeántas nithe a bhfuil baint acu le hÉirinn agus a ndéanfaidh sé aitheasc ar an tábhacht le comhoibriú san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir Éire agus an Bhreatain.

Rachaidh an tUachtarán ansin chuig 10 Sráid Downing chun freastal ar chruinniú ag lón arna óstáil ag an bPríomh-Aire Cameron.

Nuair a bheidh an tUachtarán ag tabhairt cuairte ar an gCumann Ríoga agus ar Shráid Downing, beidh Sabina Higgins i mbun cláir eile ar leith, ina n-áireofar cuairt ar Acadamh Ríoga na Drámaíochta (RADA) agus beidh lón aici in Ambasáid na hÉireann, áit a ndíreofar ar théama fhaisean agus dhearadh na hÉireann.

San iarnóin, déanfaidh an tUachtarán agus Sabina freastal le chéile ar Cheardlann Óige i Halla na Cathrach, dar teideal “Taking Charge of Change Together”. Beidh daoine óga as Éirinn agus an RA páirteach ann, daoine a ghlacann páirt in Gaisce – Cearnmhír an Uachtaráin, i nGradaim Dhiúc Dhún Éideann, i dtionscadal an Uachtaráin dar teideal An Óige agus an tÉireannachas, i gComhairle Óige na Breataine, agus i ngrúpaí pobail Éireannacha sa Bhreatain. Cuirfidh Méara Londan, An tUasal Boris Johnson fáilte roimh an Uachtarán ar shroichint Halla na Cathrach dó. Tar éis d’ionadaithe na ndaoine óga an tUachtarán a chur ar an eolas maidir le hábhar a gceardlainne, tabharfaidh sé aitheasc.

Níos deireanaí sa tráthnóna, tabharfaidh an Leas-Phríomh-Aire, An tUasal Nick Clegg MP cuairt chúirtéise ar an Uachtarán i bPálás Buckingham.

Ina dhiadh sin beidh an tUachtarán agus Sabina i láthair ag Féasta arna óstáil ag Ard-Mhéara Chathair Londan, An Seanóir Fiona Woolf agus Bardas Chathair Londan ag Halla na Cathrach (Guildhall). Beidh a Maorgachtaí Ríoga Diúc agus Bandiúc Gloucester ina n-ionadaithe ag an bhFéasta thar ceann na Banríona. Tar éis an dinnéir tabharfaidh an tUachtarán aitheasc don 700 aoi a mbeidh cuireadh acu.

Déardaoin 10 Aibreán

Maidin Déardaoin, fágfaidh an tUachtarán agus Sabina Caisleán Windsor agus tabharfaidh siad cuairt ar fheirmeacha Thionscadal na nAinmhithe Bia (FAI) in Oxford. Cuirfidh grúpa, ina mbeidh an tUasal Aidan Cotter, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Bia, fáilte rompu ann. Cuirfear ar an eolas iad maidir le tionscnaimh inbhuanaithe na feirme agus le clár Bhord Bia dar teideal ‘Origin Green Programme’, agus tabharfar cuntas gairid ar a shonraí sin le linn an imeachta.

Tabharfaidh an tUachtarán agus Sabina cuairt ansin ar Stáblaí Park House, Kingsclere, áit a gcuirfidh an tUasal Andrew Balding agus a bhean Anna-Lisa Balding fáilte rompu. Agus iad ag bualadh leis na traenálaithe, na marcaigh agus baill foirne eile ag na stáblaí, léireoidh siad an ceangal láidir idir Éire agus an Bhreatain sa saol eachaí agus tabharfaidh siad cuairt freisin ar sheomra na hairnéise capaill, an clós agus na hachair thraenála.

Sa tráthnóna luath, beidh an tUachtarán agus Sabina i láthair ag fáiltiú arna óstáil ag an mBanríon i gCaisleán Windsor, agus is é Tuaisceart Éireann a bheidh mar théama aige.

Níos deireanaí Déardaoin, beidh an tUachtarán agus Sabina i láthair ag ‘Ceiliúradh’ i Halla Ríoga Albert. Beidh a Mórgachtaí Ríoga Prionsa agus Ban-Phrionsa Michael Kent mar ionadaithe thar ceann na Banríona ag an gceiliúradh ceoil, amhránaíochta, damhsa agus filíochta seo.

Dé hAoine 11 Aibreán

Fágfaidh an tUachtarán agus Sabina slán ag an mBanríon agus a Shoilse Ríoga Diúc Dhún Éideann ag caisleán Windsor. Níos deireanaí an mhaidin sin tabharfaidh siad cuairt ar Chompántas Ríoga Shakespeare i Stratford-upon-Avon. Tar éis dóibh turas a thabhairt ar an bhfoirgneamh, breathnóidh siad ar léiriú gearr, tabharfaidh an tUachtarán aitheasc gearr agus buailfidh sé leis na haisteoirí agus le baill eile na foirne cruthaithí. Ina dhiaidh sin tabharfaidh siad cuairt ar áit bhreithe Shakespeare.

San iarnóin, tabharfaidh an tUachtarán agus Sabina cuairt ar Ard-Eaglais Coventry agus déanfaidh siad turas ar fhothracha na seanArd-Eaglaise a scriosadh sa Dara Cogadh Domhanda. Buailfidh siad, freisin, le hionadaithe sainchreidmheacha i Séipéal na hAontachta. Ansin bogfaidh siad go dtí Halla Cathrach Naomh Muire atá gar don láthair, áit a gcuirfidh an Comhairleoir Gary Crookes, Ard-Mhéara Coventry agus ionadaithe áitiúla eile, fáilte rompu. Beidh fáiltiú do bhaill an phobail Éireannaigh sa Halla Cathrach mar imeacht deiridh na Cuairte Stáit, agus beidh aitheasc ón Uachtarán san áireamh.

Níos deireanaí san iarnóin, tar éis don Ard-Seomairlín slán a fhágáil acu thar ceann na Banríona, imeoidh an tUachtarán agus Sabina as Coventry agus tabharfaidh siad a n-aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Ar fhilleadh chuig Baile Dhónaill dóibh, soláthrófar onóracha míleata.