Nuacht

LÁ FHÉILE PÁDRAIG 2013 TEACHTAIREACHT ÓN UACHTARÁN

LÁ FHÉILE PÁDRAIG 2013 TEACHTAIREACHT ÓN UACHTARÁN

Foilsithe: Mái 19th Már, 2013 | 11:53

 LÁ FHÉILE PÁDRAIG 2013
TEACHTAIREACHT ÓN UACHTARÁN MICHEÁL D. Ó hUIGÍNN

Is mian liom beannachtaí na Féile Pádraig a ghuí ar mhuintir na hÉireann agus ar cháirde na hÉireann ar fud an domhain.

Is lá é an seachtú lá déag de Mhárta nuair a dhéanaimid comóradh ar shaol agus ar chuimhne ár nÉarlamh, Naomh Pádraig. Is lá é freisin nuair a dhéanaimid machnamh ar an am atá thart, i bpáirt lenár muintir Éireannach ar fud na cruinne; nuair a dhéanaimid ceiliúradh ar an gcultúr agus ar an oidhreacht faoi leith a dhéanann muid bródúil as ár ndúchas Éireannach; nuair a léirímid dlúthpháirtíocht lena chéile inár bpobail; agus nuair a chuirimid ár mbuíochas in iúl dóibh siúd go léir a bhí, nó atá fós, ag cabhrú le muintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear.

I rith a shaoil thug Naomh Pádraig aghaidh ar go leor dúshlán agus ar an gcruatan. Rinne sé é sin le dea-chroí mór, thug sé maithiúnas go fonnmhar, agus dhiúltaigh sé géilleadh don chinniúnachas nó don doicheall. Ach an oiread le Naomh Pádraig, táimid ag maireachtáil ar an aimsir seo atá duamhar agus achrannach. Tá iarrtha orainn, chomh maith, a bheith somheanmach agus neartmhar, agus an eagna a thaispeáint a thabharfaidh thar an tsoiniciúlacht dhíobhálach agus an imcháineadh muid.

Níl aon dabht ach gur goilleadh ar chuid mhaith daoine de thoradh na géarchéime le blianta beaga anuas; ba cheart dúinn smaoineamh orthu agus cabhrú leo inniu. Táim tar éis a thabhairt faoi deara, ó cheann ceann na tíre, go bhfuil cumas agus acmhainn sna daoine agus gur mian leo foghlaim ó na botúin atá déanta san am atá caite agus go bfhuil siad ag iarraidh leagan nua dár nÉireannachas, a mbeimid go léir bródúil as, a chruthú i gcomhpháirt agus le comhbhá dá chéile.

Inniú tá ceiliúradh á dhéanamh againn ar an méid atá dearfach san Éireannachas agus táimid mórtasach as tionchar agus as macalla chultúr agus oidhreacht na hÉireann ar fud an domhain. Déanaimid ceiliúradh ar an gcruthaitheacht, ar an spiorad pobail agus ar an gcultúr saibhir as a n-aithnítear muid mar náisiún.

Le gairid, thug mé cuireadh chuig Áras an Uachtaráin do chuid de scoth na n-ealaíontóirí in Éirinn chun a léiriú, trí imagallamh agus trí thaibhiú, doimhne agus fairsinge shaibhreas cultúrtha an oileáin seo agus a réim trasna an diaspóra dhomhanda.

Déanfar toradh an chuiridh sin, ar a dtugtar “An Glaoch”, a chraobhscaoileadh ar fud an domhain le linn dheireadh seachtaine Lá Fhéile Pádraig. Tá súil agam go gcuirfidh sé lenár gceiliúradh ar an Éireannachas a dhéanfaidh siad siúd a thiocfaidh ar cuairt orainn agus muintir na hÉireann thar lear araon.

Cuimhnimid go háirithe inniú ar an bpobal Éireannach thar lear. Is saibhre muid de thoradh a scéalta agus a dtaithí agus táimid buíoch as a gceangal leanúnach agus as a gcion tairbhe don tír a dtugann an oiread sin díobh ‘an baile’ air. Is bliain speisialta í dhá mhíle agus a trí déag (2013) anseo in Éirinn; bliain ina ndéanaimid teagmháil lenár gcairde, ár gclanna agus lenár gceangail thar lear, agus ina dtugaimid cuireadh dóibh bheith inár dteannta agus ceiliúradh bliana a dhéanamh ar gach a bhfuil speisialta faoin tír seo. Is deis luachmhar atá againn sa Tóstal teacht le chéile i bpobal fairsing na hÉireann agus taitneamh a bhaint as clár beoga imeachtaí agus féilte a dhéanfaidh ceiliúradh ar scoth an chultúir, na n-ealaíon, na heolaíochta, na cruthaitheachta, an cheoil, na hoidhreachta agus na ndaoine in Éirinn.

Ag an am seo, cuimhnimid ar na hÉireannaigh sin atá imithe thar lear chun obair dhaonchabhrach a dhéanamh agus chun an tsíocháin a choimeád. Cuimhnimid, freisin, ar na saoránaigh Éireannacha sin atá scartha óna dtír dhúchais de bharr eisimirce in aghaidh a dtola agus nach mbeidh ábalta, b’fhéidir, teacht abhaile ar cuairt i mbliana. Ba mhaith liom gach rath agus saol sásta a ghuí oraibh in bhur dtíortha nua. Nuair a cheadóidh na cúinsí eacnamaíochta é agus dá mba mhian libh é, tá súil agam go bhfillfidh go leor díbh ar Éirinn chun oibre agus chun cónaithe. Is cúis áthais agus sástachta a bheidh ann do bhur gclanna agus bhur bpobail nuair a fhillfidh sibh.

Tá muintir uile na hÉireann, cibé áit ina bhfuil siad, agus cibé cúinsí ina bhfuil siad, inár smaointe ar an lá speisialta seo; lá a ndéanaimid ceiliúradh ar ár ndúchas Éireannach agus a bhfuilimid ríméadach faoin bpáirt atá againn sa chomhluadar agus sa phobal domhanda a bhféadaimid a bheith an-bhródúil as. Guím Lá Fhéile Pádraig sona agus síochánta oraibh go léir.