Nuacht

An tUachtarán ar cuairt chuig Port Láirge

An tUachtarán ar cuairt chuig Port Láirge

Foilsithe: Dom 8th Már, 2015 | 11:39

Caithfidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean, Saidhbhín, an lá i bPort Láirge ar an Déardaoin, 12 Márta.

Tabhairfidh an tUachtarán aitheasc do scoláirí meánscoile in ómós do Thomas F. Meagher Phort Láirge, a d’ardaigh an bratach trídhathach don chead uair sa bhliain 1848, ag Halla King Fisher ag mean lae ar an Déardaoin. Níos déanaí sa tráthnóna cuirfidh an tUachtarán searmanas tiomnaithe i gcrích ag Droichead Thomas F. Meagher, a réisíonn Abhainn na Siúire.

Fad agus atá sé i bPort Láirge tabhairfidh an tUachtarán cuairt ar Bhunscoil Mhuire na Trócaire le cothrom 50 bliain na scoile a cheiliúradh. Osclóidh sé ionad pobail ilchuspóireach St. Patrick’s Gateway chomh maith.