Nuacht

An tUachtarán ar cuairt chuig Co. an Chláir

An tUachtarán ar cuairt chuig Co. an Chláir

Foilsithe: Céa 18th Már, 2015 | 09:27

Beidh lá iomlán d’imeachtaí ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus ag Saidhbhín Uí Uigínn i gCo. an Chláir Dé hAoine beag seo (20 Márta).

Ar maidin tabhairfidh an tUachtarán cuairt ar Choláiste Fhlannáin Naofa in Inis. Ag 2.00 i.n. tabhairfidh an tUachtarán cuairt ar Scoil Náisiúnta Rockmount ar Shráid na Cathrach. Ag 2.45 i.n. osclóidh an tUachtarán Ionad Traenála Sábháilteacht Uisce na hÉireann ar Shráid na Cathrach go hoifigiúil.

Ina dhiaidh sin buailfidh an tUachtarán le hionadaithe ó Scoil Samhraidh Willie Clancy ar Shráid na Cathrach. Uaidh sin rachfaidh an tUachtarán chuig Ionad na Boirne i gCill Fhionnúrach áit a osclóidh sé an’ Kilfenora Céilí Band Parlour Exhibition’ go hoifigiúil.