Nuacht

An tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ar chuairt oifigiúil chuig Cósta Thiar na Stát Aontaithe

An tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ar chuairt oifigiúil chuig Cósta Thiar na Stát Aontaithe

Foilsithe: Dom 18th Dei, 2015 | 09:51

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUiginn cuairt oifigiúil ocht lá ar Chósta Thiar na Stát Aontaithe ó Dé Céadaoin 21 go dtí Déardaoin 29 Deireadh Fómhair. Cé go mbeidh an chuairt ag díriú go háirithe ar na cathracha Seattle agus San Francisco, beidh cuairt ar Microsoft i Seattle agus ar Google i San Francisco san áireamh, áiteanna a mbeidh an tUachtarán ag súil le bualadh le roinnt mhaith Éireannach atá ar na foirne.

Le linn a chuairte tabharfaidh an tUachtarán dhá eochairaitheasc, ceann ar ról na teicneolaíochta san fhorbairt inbhuanaithe agus an ceann eile ar ocras domhanda, in Ollscoil Washington (Seattle) agus ag Ollscoil California, Berkeley, faoi sheach. Chomh maith leis sin, casfaidh an tUachtarán Ó hUiginn, a bheidh á thionlacan ag Saidhbhín Uí Uiginn, leis na chéad fhreagróirí, leis an bhfoireann leighis agus leis na hoibrithe deonacha a thug cúnamh tar éis thragóid Berkeley, inar gortaíodh agus ar bhásaigh mic léinn Éireannacha, mí an Mheithimh seo caite.

Ar 21/22 Deireadh Fómhair 
Beidh cruinniú oifigiúil ag an Uachtarán Ó hUiginn tráthnóna Dé Céadaoin 21 Deireadh Fómhair le Méara Seattle,  Ed Murray, i Halla na Cathrach. Ina dhiaidh sin tabharfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uiginn cuairt ar Ghairdíní Chihuly agus an Space Needle Monument. 

Ar maidin Déardaoin 22, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Skyline High School, áit a mbeidh taispeántas de chluiche peile Gaelaí san áireamh sa chlár, arna eagrú ag Brendan Hyland – duine de mhúinteoirí corpoideachais na scoile. Labhróidh an tUachtarán leis na mic léinn ansin agus buailfidh sé le hionadaithe CLG Seattle, atá i mbun eagraithe ar Chraobhchomórtas Cúigeach Mheiriceá Thuaidh in 2016.

San iarnóin, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Microsoft, áit a gcuirfidh an tUasal Peggy Johnson, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin, fáilte roimhe.  Buailfidh an tUachtarán, freisin, le níos mó ná 150 ball foirne Éireannach, atá fostaithe ag Microsoft i Seattle. 

Níos deireanaí sa tráthnóna, beidh an tUachtarán agus Saidhbhín ina n-aíonna oinigh ag fáiltiú in Ionad Ealaíon (McCaw Hall) Seattle, arna óstáil ag an gConsal Ginearálta Robert Grant. Cuirfidh Banna Píob agus Drumaí Seattle fáilte roimh an Uachtarán agus cuirfidh siad siamsaíocht ar fáil do 500 aoi, ina measc ionadaí agus líon mór de phobal na hÉireann i Seattle.

23 Deireadh Fómhair
Ar maidin an 23 Deireadh Fómhair tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Ollscoil Washington, áit a dtabharfaidh sé eochairaitheasc, dar teideal, ‘Taking Responsibility for Climate Change: The Challenge to Science and Technology in new Circumstances”. Ina dhiaidh sin beidh seisiún ceisteanna agus freagraí. 

Tar éis dó imeacht as an Ollscoil, buailfidh an tUachtarán le baill de phobal na hÉireann i Seattle, a d’imigh ar imirce chuig na Stáit Aontaithe sna 1950idí agus 1960idí. 

Níos deireanaí sa tráthnóna beidh an tUachtarán agus Saidhbhín i láthair ag dinnéar a bheidh á óstáil ag méara Seattle, Ed Murray i dTeach Báid Chihuly, i gcomhar leis an ‘Irish Network of Seattle’. 

Dé Sathairn imeoidh an tUachtarán agus Saidhbhín ar eitilt ó Seattle go San Francisco.

25 Deireadh Fómhair
Ar maidin Domhnaigh 25 Deireadh Fómhair, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an United Irish Cultural Centre i San Francisco. I Halla Naomh Proinséas (san Ionad) buailfidh an tUachtarán le hionadaithe eagraíochtaí an Phobail Éireannaigh, ina measc an United Cultural Centre féin; Irish Immigration and Pastoral Centre; Comhaltas Ceoltóirí agus an CLG. 
Níos déanaí i Halla Naomh Pádraig, casfaidh sé le níos mó ná 140 rannpháirtí as Clár For-Rochtana Seanóirí an Ionaid Thréadaigh. Beidh deis ag an Uachtarán agus ag Saidhbhín bualadh le baill áitiúla an phobail Éireannaigh a chuaigh ar imirce chuig na Stáit Aontaithe sna 1950idí agus 1960idí.

San iarnóin, beidh an tUachtarán agus Saidhbhín ina n-aíonna oinigh ag fáiltiú do 700 ball den phobal Éireannach ón ‘Bay Area’, arna óstáil ag an gConsal Ginearálta Grant i dTeach agus Gairdíní Filoli. Tabharfaidh an tUachtarán aitheasc agus buailfidh sé leis na haíonna i láthair.

26 Deireadh Fómhair 
Ar Dé Luain 26 Deireadh Fómhair beidh lón ag an Uachtarán in Amharclann Geary, áit a mbuailfidh sé le hionadaithe ó phobal ealaíon agus cultúir. Ina dhiaidh sin imeoidh sé chuig Ollscoil California, Berkeley, áit a dtabharfaidh sé eochairaitheasc dar teideal, ‘Ending Global Hunger and Eliminating Poverty: is it possible?’ Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh sin. Ina dhiaidh sin beidh deis ag an Uachtarán agus ag Saidhbhín súil a chaitheamh ar nithe a bhfuil baint acu le hÉirinn san ollscoil – agus ina dhiaidh sin beidh siad ina n-aíonna oinigh ag fáiltiú arna óstáil ag Ollscoil Berkeley.

27 Deireadh Fómhair 
Ar maidin Dé Máirt 27, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Tesla, áit a mbuailfidh sé lena bhunaitheoir, an príomhfheidhmeannach an tUasal Elon Musk. Beidh deis ag an Uachtarán chomh maith bualadh le hionadaithe cuideachtaí Éireannacha atá i gcaidreamh faoi láthair le Tesla. 

Ina dhiaidh sin beidh an tUachtarán i láthair ag lón le haghaidh teagmhálaithe gnó tábhachtacha de chuid na SA, arna óstáil ag an ÚFT agus Fiontraíocht Éireann, agus tabharfaidh sé aitheasc ann.  Ina dhiaidh sin tabharfaidh an tUachtarán Ó hUiginn cuairt ar Google, áit a mbeidh cruinniú aige leis an Uasal Lorraine Twohill, Príomhoifigeach Bainistíochta agus leis an Uasal David Burke, Leas-Uachtarán. Ina dhiaidh sin casfaidh an tUachtarán le suas le 100 ball foirne de chuid Google atá lonnaithe i San Francisco.

Níos deireanaí sa tráthnóna buailfidh an tUachtarán leis an Méara Sam Liccardo i Halla Cathrach San José. Tá caidreamh fadbhunaithe ag San José le hÉirinn.

28 Deireadh Fómhair  
Dé Céadaoin 28 Deireadh Fómhair beidh an tUachtarán i láthair ag fáiltiú le haghaidh chéad fhreagróirí, foirne leighis agus oibrithe deonacha a raibh baint acu le tragóid Berkeley i mí an Mheithimh, a raibh bás agus gortú mac léinn Eireannach, a bhí sa cheantar ar víosaí J1, mar thoradh air. Buailfidh an tUachtarán Ó hUiginn leis an ngrúpa agus labhróidh sé leo. 

Níos deireanaí cuirfidh an tUachtarán agus Méara Berkeley Tom Bates crann in Ionad Cathartha Martin Luther King i gcuimhne orthu siúd a bhásaigh i dtragóid Berkeley. Sa tráthnóna tabharfaidh an tUachtarán aitheasc le linn an imeachta ‘The Bay Area Council Business Leadership Awards’ in Óstán Fairmont. Beidh an tUasal Chuck Feeney agus an tUasal Mark Benioff i láthair.

29 Deireadh Fómhair  
Déardaoin 29 tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Sacramento, Príomhchathair an Stáit, áit a mbeidh cruinniú oifigiúil aige leis an Uasal Jerry Brown, Gobharnóir California.

Fágfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uiginn San Francisco Dé hAoine 30, agus sroichfidh siad Baile Átha Cliath Dé Sathairn 31 Deireadh Fómhair.