Nuacht

Seimineár Eitice Náisiúnta

Seimineár Eitice Náisiúnta

Foilsithe: Céa 25th Már, 2015 | 14:44

AN tUACHTARÁN MICHAEL D. HIGGINS LEIS AN DARA MÓRSHEIMINEÁR NÁISIÚNTA  A THIONÓL

Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann

Tionólfaidh an tUachtarán Michael D. Higgins Seimineár Uachtaránachta in Áras an Uachtaráin Dé Sathairn 28 Márta. Déanfaidh an dara mórsheimineár náisiúnta seo athbhreithniú ar thorthaí bliain oibre ar na deiseanna agus na dúshláin atá roimh Éirinn agus í i mbun sochaí níos eiticiúla a thógáil.

Reáchtáladh níos mó ná 60 imeacht ar fud na tíre ó seoladh an tionscnamh i mí Feabhra na bliana seo caite. Tháinig freagairt leathan ó earnálacha an tríú leibhéal, na sochaí sibhialta agus an phobail ar "Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann". Déanfaidh seimineár an tSathairn iniúchadh ar thaithí na dtionscnamh éagsúil sin. Cuirfidh sé ardán ar fáil chomh maith chun plé a dhéanamh ar cheisteanna móra eitice in Éirinn san am i láthair, cuid mhaith díobh a tháinig chun cinn le linn an tionscnaimh, agus an ról a d'fhéadfadh a bheith ag daoine aonair agus ag instititiúidí agus iad i mbun Éire níos eiticiúla a chruthú. 

Cuirfear tús leis an seimineár le heochairaitheasc ón Uachtarán, agus ina dhiaidh beidh plé i bpainéil, grúpcheardlann agus cur i láthair ó ionadaithe ó earnálacha an tríú leibhéal agus an ENR. I measc na ENRanna a bheidh i láthair beidh Dóchas, Comhdháil na gCeardchumann, Comhairle Náisiúnta na mBan, Cumann Naomh Uinseann de Pól agus The Wheel, a d'fhreagair Tionscnamh an Uachtaráin lena dtionscnaimh féin ar leith agus iad ag dul i ngleic ar a mbealaí éagsúla le gnéithe eiticiúla an bhochtanais, na forbartha, na hoibre, an ghnéis agus an phobail. 

Agus é ag labhairt ag seoladh an tionscnaimh anuraidh, dúirt an tUachtarán:

"Is é mo mhian gur foinse díospóireachtaí leathana a bheidh sna himeachtaí ar leith seo agus sna tionscnaimh eile maidir leis an dioscúrsa ar an eitic, agus go sásóidh siad ionchas ár saoránach i dtaca le luachanna a chuideoidh linn geilleagar sóisialta inbhuanaithe agus sochaí eiticiúil dhomhain agus chuimsitheach a thógáil."

Ina aitheasc insealbhaithe ar an 11 Samhain 2011, d'fhógair an tUachtarán Higgins go raibh sé i gceist aige roinnt seimineár Uachtaránachta a reáchtáil a léireodh agus a phléadh téamaí tábhachtacha i saol roinnte na hÉireann ach a bheadh deighilte ó na himeachtaí sin ar a ndírítear an reachtaíocht agus a bheadh níos leithne ná iad.

Bhunaigh an chéad cheann de Sheimineáir Uachtaránachta an Uachtaráin Higgins, 'An Óige agus an tÉireannachas', caidreamh díreach le níos mó ná 800 duine óg agus rinne sé machnamh ar a bhfís d'Éirinn. Foilsíodh an dearbhú "Glac Seilbh ar Athrú' agus an tuarascáil 'Glac Seilbh ar Athrú' araon mar thoradh ar an tionscadal sin. Léirigh cuid mhaith de na daoine a bhí i láthair gur mhaith leo Éire a mbeadh coinsias níos sóisialta aici, sochaí a mbeadh cúram na saoránach agus aird orthu i gcroílár a luachanna.

Tiocfaidh tionscnaimh éagsúla, ag éirí as 'Tionscnamh Eitice Uachtarán na hEireann', agus ar ábhar staidéir i seimineár an tSathairn atá iontu, i gcrích thar na míonna agus na blianta amach romhainn.

Táthar ag súil go mbeidh an pobal, ionadaithe earnálacha an tríú leibhéal agus na sochaí sibhialta, státseirbhísigh shinsearacha agus ceannairí gnó i measc an lucht éisteachta a bhfuil cuireadh acu Dé Sathairn.