ÓRÁID Ó A SOILSE, MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA UACHTARÁN NA HÉIREANN, AR ÓCÁID A CUAIRTE AR GHAELSCOIL
ÓRÁID Ó A SOILSE, MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA UACHTARÁN NA HÉIREANN, AR ÓCÁID A CUAIRTE AR GHAELSCOIL NA GCEITHRE MÁISTRÍ
Dia daoibh, a cháirde. An bhfuil sibh go maith? Tá lúcháir orm a bheith anseo libh inniu i nGaelscoil na gCeithre Máistrí. Tá mé buíoch de bhaill an bhoird agus den Chathaoirleach, Pól Mac Aoidh, as cuireadh a thabhairt dom. Go raibh maith agaibh as fíorchaoin fáilte a chur romham agus go raibh maith agaibh as an obair ar fad a rinne sibh mar ullmhúchán don chuairt seo.
Sa bhliain míle naoi gcéad nócha is a naoi, nuair a bunaíodh an scoil seo, bhí Oilibhéar Mac Fhionnghaile ina phríomhoide agus ní raibh ach cúigear daltaí déag sa scoil. Anois tá Róisín Nic Cumhaill ina príomhoide agus tá seachtar déag agus trí scór ar na rollaí. Is mór an chreidiúint é sin do na múinteoirí, don bhainistíocht, don rúnaíocht agus do na tuismitheoirí.
Is mór an gar a rinne Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall don scoil nuair a chuir siad suíomh ar fáil dóibh fán bhaile mór. ‘Má tá tú ag iarraidh do lao a dhíol faigh áit i lár an mhargaidh’, a deir siad. Agus má tá tú ag iarraidh teanga na Gaeilge a dhíol, dean é i gcroílár an phobal. Tá sin déanta agaibh, a mhuintir na scoile seo, agus molaim sibh go mór as an éacht.
Cluinim go bhfuil garraíodóirí maithe sa scoil seo. An bhfuil sin fíor? Chuala mé go ndearna sibh tionscnamh mór scoile ar an gharraíodóireacht agus go bhfuil sibh ar fad níos fearr ansois ná Gerry Daly. Tá gairdín mór agamsa in Áras an Uachtaráin ach ní bhíonn mórán seans agam bheith ag obair ann. Tá mé in éad libh.
An bhfuil sé fíor go bhfuil cuid mhór staire ar eolas agaibh? Agus cad é faoin cheol? Agus faoin drámaíocht? An bhfuil gach ábhar go maith agaibh? Nach iontach sin! An sibhse na daltaí is cliste sa tír? Cuidíonn sé go mór nuair a bhíonn múinteoirí maithe ann, agus nuair a chuireann tuismitheoirí suim ar leith in oideachais a gcuid leanaí.
Caithfidh mé a rá go bhfuil áit speisialta agam istigh i mo chroí don chontae seo. Is breá liom Dún na nGall. Nuair a bhí mé féin ar scoil ba ghnách liom teacht go Tír Chonaill ag foghlaim na Gaeilge. Agus an bhfuil a fhios agaibh seo: anois agus mé i m’Uachtarán, tagaim fós gach samhradh go dtí an contae álainn seo le feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge.
Ardaíonn sé mo chroí nuair a chluinim an Ghaeilge chomh líofa agus chomh binn sin thart orm. Nuair a bhím thar sáile castar orm go leor de mhuintir na hÉireann a mbíonn cónaí orthu i bhfad ó bhaile. Is breá leo sin an Ghaeilge a chluinstin agus í a labhairt, fiú mura mbíonn acu ach an cúpla focal. Bíonn áthas an domhain orthu nuair a chluineann said faoi na Gaelscoileanna sa bhaile – go bhfuil siad ag fás agus ag forbairt leo. Tá sibhse ar fad mar chuid den fhás agus den fhobairt seo. Bígí bródúil as.
An mbeidh sibh i gcónaí dílis don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach, a dhaltaí? Maith sibh! Tá mé cinnte go mbeidh. Ar mhaith libh bronntanas a fháil? Bronntanas deas? Bronntanas a bheith níos fearr ná oíche gan obair bhaile? Ar mhaith libh lá soar ó scoil? Maith go leor. Bíodh sin agaibh. Is feidir leis an Múinteoir Róisín é a shocrú ar ball.
Go raibh maith agaibh arís as cuireadh a thabhairt dom teacht ar cuairt oraibh. Molaim sibh as gach a bhfuil déanta agaibh go dtí seo agus guím gach rath ar Ghaelscoil na gCeithre Máistrí san blianta atá le teacht.
Go raibh maith agaibh.
