ÓRÁID AN UACHTARÁIN, MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA COLÁISTE NA RINNE 2 IÚIL, 2005
ÓRÁID AN UACHTARÁIN, MÁIRE MHIC GHIOLLA ÍOSA COLÁISTE NA RINNE 2 IÚIL, 2005
A chairde gaoil,
Ar dtús ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Liam Suipéil, Bainisteoir an Choláiste, a thug an cuireadh dom bheith anseo inniu. Mo bhuíochas fosta le Cathaoirleach an Choláiste, Aonghus Ó hEocha, agus libh ar fad, as fáilte Uí Cheallaigh a chur romham féin agus roimh mo chéile, Máirtín, chun na Rinne. Aifreann ar leith a bhí ann tamall ó shin agus chuir Máire Uí Dhónaill agus Cór an tSéipéil go mór leis mar ócáid.
Tá lúcháir orm bheith in ann cuidiú libh comóradh céad bliain Choláiste na Rinne a cheiliúradh, an t-aon scoil in Éirinn – an t-aon scoil sa domhan mór, b’fhéidir – a mhúin táblaí a naoi déag do na daltaí bochta. Ach tá cáil i bhfad níos mó ná sin bainte amach ag an acadamh ársa seo ó osclaíodh na doirse ar dtús céad bliain ó shin. Chuir sibh oideachas lán-Ghaeilge ar an aos óg san am nár shíl mórán daoine go raibh sé faiseanta nó gurbh fhiú é a dhéanamh; ghin sibh grá don Ghaeilge i nglúin i ndiaidh glúine den mhuintir óg; choinnigh sibh an lóchrann lasta in am an dorchadais agus tá mé fein agus muintir na hÉireann buíoch díbh as sin.
I measc bhur n-iarscoláirí tá an tIar-Thaoiseach Gearóid Mac Gearailt. Duine eile a tháinig chuig Rinn Ó gCuanach le hól as tobar a dhúchais ab ea Iar-Uachtarán na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh, fear a thum é féin sa léann Gaelach, fear a raibh a ghrá agus a dhílseacht don teanga mar shainghné dá phearsantacht go lá a bháis. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal. Agus os ag caint domh ar thobar an dúchais, smaoiním ar an dán álainn sin le Cathal Ó Searcaigh ina gcuireann sé fainic orainn gan ligean do na tobair dul i ndísc:
Ach in ainneoin na neamhairde go léir
níor chaill siad a dhath den tseanmhianach.
Aimsigh do thobar féin a chroí,
óir tá am an anáis romhainn amach:
Caithfear pilleadh arís ar na foinsí.
Tá Coláiste na Rinne ar cheann de na foinsí móra, agus is maith liom a fheiceáil go bhfuil daoine ag pilleadh air ina sluaite iomadúla fós. Fiú sular tógadh foirgneamh ar bith anseo bhí ranganna Gaeilge dá múineadh cois claí i mBaile na nGall. Tháinig duine acu siúd a chuir tús leis an scoil scairte, Pádraig Ó Cadhla, as ceantar Shliabh gCua; agus ar eagla go síleann sibh nach bhfuil ag an Ultach seo ach litríocht Uladh, tá mé ag smaoineamh go híorónach ar chúpla líne as amhrán álainn sin na Déise, Sliabh Geal gCua:
‘Sé mo léan nach bhfuaireas tógaint le léann is mórchuid eolais
I nGaolainn uasal cheolmhar ba sheolta mo bhéal.
D’úsáid mé an focal ‘íorónach’ mar ní oirfeadh na línte áirithe sin do Phádraig Ó Cadhla a raibh an léann agus an Ghaeilge araon ar a thoil aige. Bhí sé féin agus an sagart Micheál Ó Síocháin sásta a gcuid buanna a roinnt le muintir na háite. Sa bhliain míle naoi gcéad agus a cúig ní raibh teach ná tinteán acu, ach páirc oscailte agus an spéir os a gcionn. Chroch siad clárdubh in éadan binn tí agus sin mar a thosaigh Colaiste na Rinne.
Ansin thosaigh an coláiste samhraidh a dtagann breis agus míle duine chuige gach bliain fós. Is breá liom a fheiceáil go bhfuil cúrsaí ar leith á n-eagrú agaibh i rith na bliana do na gaelscoileanna. Tá ceangal suntasach anois idir Coláiste na Rinne agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, sa mhéid is go dtagann daoine ón chúrsa cháiliúil Fiontar ar cuairt anseo le snas a chur ar a gcuid Gaeilge. Déanaim féin an rud céanna gach samhradh nuair a théim ar chúrsa Gaeltachta i nGleann Cholmcille. Deirtear gur Bráthair Críostaí a bhí ag cur snas ar a chuid-se Gaeilge i gColáiste na Rinne a scríobh na línte seo a leanas. Tabharfaidh siad deis dom canúint álainn an cheantair seo a thriail. (Níl cead ag aon duine bheith ag magadh faoin Uachtarán!)
Do chaitheas mí is ba bhreá liom í
Cois mara thoir sa Rinn
Is ann atá na daoine breá’
Is ceol na n-éan go binn.
’Sí an Ghaolainn a bhíonn á labhairt go cruinn
Ag daoine abhus is thall
Ó shliabh dubh glas atá siar ó dheas
Go Baile beag na nGall.
Bhí scoil chónaithe darna leibhéil anseo ar feadh tamaill. Agus ansin, sa bhliain ar tháinig an Chéad Dáil le chéile, míle naoi gcéad is a naoi déag, bunaíodh an scoil atá fós faoi lán seol – Scoil na Leanaí. Tá moladh mór maith tuillte ag muintir na scoile seo agus ag a bpríomhoide, Eibhlín Nic Philib. Tá clú agus cáil ar an scoil chónaithe áirithe seo, a ghlacann suas le céad go leith dalta ó na ceithre hárda gach bliain, agus atá mar a bheadh droichead idir an bhunscoil agus an scoil darna leibhéil. Gura fada buan sibh a Scoil na Leanaí.
Bhí páirt nach beag ag Coláiste na Rinne i mbunú na meánscoile sa bhliain míle naoi gcéad agus a caoga naoi – Meánscoil San Nioclás, a bhfuil mo chomh-Bhéal Feirsteach, Áine Uí Cheallaigh ina príomhoide ann. Is iontach an rud é go bhfuil foirgneamh breá úr agaibh agus líon na scoláirí ag dul i méid i gcónaí.
Níl dabht ar bith ach go bhfuil éacht déanta ag Coláiste na Rinne le céad bliain anuas, ón am a thug bunaitheoirí an Choláiste, i bhfocail Risteard de Hindeberg, “fuil a gcroí agus smior a gcnámh chun an Ghaeilge a chosaint”. Tá áit ar leith ag caomhnóirí na teanga i stair na hÉireann agus i gcroí na nGael. Tréaslaím bhur gcomóradh libh agus go maire sibh céad eile. Anois caithfidh sibh cuidiú liom le m’fhocal scoir. Abraigí liom an véarsa is ansa liom, an véarsa deireanach de mhór-amhrán sin na Déise, sluaghairm na Rinne – Na Connerys:
A Bhanríon bheannaithe is a Rí na bhFlaitheas Geal,
Déan trócaire orainn araon
Is ar an mbanaltra atá sa mbaile go dubhach ’nár ndiaidh
Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh is ag guí chun Dé
Leis na Connerys a thabhairt abhaile chugainn
Ós na New South Wales.
Go raibh maith agaibh.
