Leabharlann na Meán

Óráidí

Nótaí Cainte an Uachtaráin Scoil Náisiúnta Mhín an Aoire Satharn, 28 Iúil 2007

Nótaí Cainte an Uachtaráin Scoil Náisiúnta Mhín an Aoire Satharn, 28 Iúil 2007

A chairde uilig, tá an-áthas orm a bheith anseo libh inniu.  Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Athair Eddie, cathaoirleach an bhoird, agus le Dónal Ó Cuinneagáin agus Máire Ní Chléirigh as cuireadh a thabhairt dom bheith in éineacht libh fá choinne cheiliúradh leathchéad bliain Scoil Náisiúnta Mhín an Aoire.  Ba mhaith liom fosta mo bhuíochas a ghabháil libh ar fad as fáilte fíor-Ghaelach a chur romham féin agus roimh m’fhear céile Máirtín.  Comhghairdeas agus mór-bhuíochas fosta le lucht ceoil agus damhsa.

Is deas an logainm é Mín an Aoire.  Samhlaigí na shepherds bochta a bhíodh ag siúl thart go fadálach ar na cnoic seo fadó.  Sin an chúis gur tugadh Mín an Aoire ar an áit seo ar dtús. Tá mé cinnte nár shamhlaigh na haoiri bochta sin na hathruithe a bheadh ar chúrsaí feirmeoireachta agus Máire Ní Chochláin mar Aire Talmhaíochta: go mbeadh aoirí an lae inniu ag scútáil thart ar quads nó 4X4s nó off-roaders.  Níl ansin ach ceann amháin den iliomad athruithe móra atá i ndiaidh teacht ar an áit seo le himeacht na mblianta. 

Ce go bhfuil muid cruinnithe le chéile chun leathchéad bliain de Scoil Mhín an Aoire a cheiliúradh, sé an foirgneamh áirithe seo atá caoga bliain d’aois.  Bhí scoil i bhfad níos sine ná sin ann, mar atá Bialann na Seanscoile in aice linn.  Tógadh sin sa bhliain ocht déag nócha.  Agus bhí scoil i Mín an Aoire fiú i bhfad roimhe sin arís, nó tógadh an chéad scoil anseo in ocht déag daichead a naoi, bliain i ndiaidh Black Forty-Eight.  Tá sé an-deacair orainne drochshaol na ndaoine sna drochlaethanta sin a shamhlú – greim docht daingean fós ag an Ocras Mór ar an tír, milliún marbh agus milliún ar imirce, an pobal scriosta ag galar agus ganntanas agus titithe i lagbhrí go hiomlán – ach thuig siad luach an oideachais, agus bhí freastal maith ar Scoil Mhín an Aoire nuair a d’oscail sé sa bhliain sin.

Tá freastal maith fós air.  Tagann cúigear is fiche ar scoil anseo gach lá.  (Bhuel, tá súil agam go dtagann siad ar scoil gach lá!)  Tá beirt mhúinteoirí acu agus oide achmhainne agus múinteoir tacaíochta foghlama.  Nach mór an méid é sin!  Agus beidh sibh ag fáil seomra úr breise leis an scoil gan mhoill.  Nach breá daoibh.  Tá scoil álainn agaibh agus is gearr go mbeidh sé níos fearr fós. 

Creidim go bhfuil clú agus cáil ar Scoil Mhín an Aoire sa cheantar seo, ní amháin as an scolaíocht ach as cúrsaí cultúir agus cúrsaí spóirt chomh maith.  Nach raibh peileadóir an-cháiliúil mar dhalta sa scoil seo?  Cén t-ainm atá ar an duine a bhí ina chaptaen ar Dhún na nGall i naoi déag nócha a dó?  Cé a thóg Sam Maguire trasna na hÉirne agus isteach i measc na gcnoc?  Cén t-ainm atá air?  Anthony cé?  An bhfuil sibh cinnte?  Antoin Ó Ludhóg!  Anthony Molloy!  Tá an ceart ar fad agaibh.  Agus tá clú an spóirt fós ar an scoil seo nó tháinig sibh sa dara háit i gcomórtas Chumann na mBunscol i gCúige Uladh i mbliana.  Comhghairdeas mór libh.  Creidim go bhfuil mórán duaiseanna Tráth na gCeist bainte agaibh fosta.  An bhfuil sé sin fíor?  Nach breá daoibh.  Ní amháin go bhfuil sibh aclaí ach tá sibh cliste chomh maith.

Ceann de na rudaí is tábhachtaí faoi stair na scoile seo ná bhur ndílseacht don Ghaeilge.  Is scoil Ghaeltachta sibh; scoil a bhfuil teanga na Gaeilge lárnach inti mar ghnáththeanga chumarsáide laethúil.  Ar na saolta deireanacha seo bíonn mórán daoine ag rá go bhfuil na Gaeltachtaí faoi bhrú, agus tá sin fíor.  Ach is iad na scoileanna Gaeltachta – scoileanna ar nós Scoil Mhín an Aoire – dóchas na teanga agus an chultúir.  Is iad na Gaeltachtaí foinse na Gaeilge, an fuarán, an tobar a dtagann daoine ar nós mé féin agus Máirtín ar ais chuige arís agus arís eile chun ár gcuid Gaeilge a shaibhriú agus a shnasú.  Smaoiním ar an dán álainn sin le Cathal Ó Searcaigh – Conallach cáiliúil eile – ina gcuireann sé fainic orainn gan ligean do na tobair dul i ndísc:

                     Ach in ainneoin na neamhairde go léir

                     níor chaill siad a dhath den tseanmhianach.

                     Aimsigh do thobar féin a chroí,

                     óir tá am an anáis romhainn amach:

                     Caithfear pilleadh arís ar na foinsí.

Ba mhaith liom fáilte ar leith a chur roimh iarmhúinteoirí agus iardhaltaí na scoile atá linn inniu don ócáid stairiúil seo.  Déanaim comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach in eagrú na hócáide fosta, le muintir uile na scoile, go háirithe le Aindreas Ó Dochartaigh agus a choiste eagraithe, agus leis na daoine a choinníonn an scoil go slachtmhar ó cheann ceann na bliana. 

Tá a fhios agam go maith go mbíonn dua mór ag baint le háit a réiteach fá choinne chuairt an Uachtaráin.  Nuair a bhí mo chuid páistí féin ar scoil chuaigh mé ar cuairt oifigiúil lá amháin.  Bhí gach rud go hálainn, mar atá anseo, gach rud snasta agus in ord agus in eagar.  Bhain mé an-sult as an chuairt, ach nuair a bhí muid suite ag an tábla ag an dinnéar teaghlaigh an oíche sin, dúirt m’iníon Sara:

“Nach breá duitse ag leaindeáil ag doras na scoile i do charr mór, i do chuid éadaí galánta agus tú ar do sháimhín só.  Ní fhaca tusa gach duine ag sclábhaíocht anseo le seachtain anuas chun an áit a fháil i gceart fá do choinne.  You should have been here yesterday!”  Bhuel, cé nach raibh mé anseo inné, tá barúil mhaith agam faoin dianobair a bhí ag dul ar aghaidh, agus is mór liom bhur ndúthracht. 

Gura fada buan an scoil bhreá seo.  Guím séan ar mhuintir na scoile agus gach rath ar bhur n-iarrachtaí sna blianta atá romhainn amach.  Beidh toradh bhur saothair mar oidhreacht ag pobal Iardheisceart Dhún na nGall go ceann i bhfad.

Go raibh míle maith agaibh.