NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN, BRONNADH GHRADAIM GLEO, PÁIRC AN CHRÓCAIGH 11 BEALTAINE 2009
NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN, BRONNADH GHRADAIM GLEO, PÁIRC AN CHRÓCAIGH 11 BEALTAINE 2009
A chairde,
Tá lúcháir mhór orm a bheith anseo libh inniu i bPáirc an Chrócaigh chun gradaim GLEO a bhronnadh. Gabhaim buíochas le Foras na Gaeilge, go háirithe le Liam Ó Maoilmhíchíl, an Cathaoirleach, agus le Ferdie Mac an Fhailigh, an Príomhfheidhmeannach, as cuireadh a thabhairt dom. Agus gabhaim buíochas libh ar fad as fáilte chroíúil a chur romham féin. Tá sé fóirsteanach gur i bPáirc an Chrócaigh atá an ócáid bhronnta nó tá nasc thar a bheith láidir idir an áit seo agus gach gné den chultúr Gaelach.
Is deis iontach í seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge, agus ar chur chun cinn na Gaeilge, sna scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu. Is maith liom an focal GLEO – Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais – agus is maith liom go bhfuil an bhéim ar labhairt na Gaeilge. Tá cúrsaí liteartha agus litríochta thar a bheith tábhachtach i dteanga ar bith, ach is é is tábhachtaí ar fad ná labhairt na teanga. Tá an Ghaeilge beo mar theanga labhartha, agus istigh anseo inniu tá an Ghaeilge beo beathach.
Tógann sé mo chroí nuair a chluinim an oiread sin daoine óga thart orm ag labhairt a dteanga féin le cumas agus le bród; daoine óga fuinniúla, daoine atá lán de mhuinín iontu féin, daoine atá in ann dúshlán an tsaoil a thabhairt, ag labhairt seanteanga a sinsear le blas úraoiseach agus le compord. Tá moladh ar leith tuillte ag a gcuid múinteoirí agus ag bainisteoirí na scéime seo a chuireann an Ghaeilge chun cinn sna scoileanna agus i measc phobal na scoileanna.
Smaoiním ar mhórfhile na Gaillimhe, Máirtín Ó Direáin, agus é ag scríobh faoi dhaoine óga:
Criathar chun tobair le gasúir
Nó gad chun gainimh go síor,
Obair nach follas a toradh
Cé ard a torann go fíor.
“Cé ard a ngleo,” a d’fhéadfadh sé a rá. B’fheidir nach inniu ná amárach a fheicfidh sibhse toradh bhur gcuid oibre leis na daoine óga seo, ach is cinnte go mbeidh toradh fiúntach ar bhur saothar.
Tá a fhios agam go bhfuil céiliúradh eile ar bun inniu maidir leis na Cláracha Teanga ó thuaidh ina bhfaigheann daltaí óga deis an Ghaeilge a fhoghlaim. Fáiltím go mór roimh an deis sin. Tuigim go bhfuil dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh ag na daltaí agus go bhfuil siad ag baint taitnimh as foghlaim na rann, na n-amhrán agus na gcluichí, mar a chonaic sibh sa taispeántas níos luaithe.
Tá áthas orm a chloisteáil go bhfuair múinteoirí a bhain gradam GLEO amach cheana deis a gcuid saineolais a roinnt ar maidin le múinteoirí eile agus le teagascóirí atá páirteach sna Cláracha Teanga. Is sampla iontach é seo den chomhoibriú i múineadh na Gaeilge, ní hamháin idir scoileanna go háitiúil ach idir scoileanna ar fud na hÉireann. Mar a deir an seanfhocal: ní neart go cur le chéile.
Tá an Ghaeilge de dhlúth agus d’inneach shaol na hÉireann. Tá sí thart orainn i mórán gnéithe dár saol laethúil: sna logainmneacha; sna sloinnte atá orainn; sa seanchas agus sna hamhráin; sna seanfhocail; sna traidisiúin agus sna féiltí a cheiliúrann muid i rith na bliana. Tá an Ghaeilge mar chuid dár bhfealsúnacht agus tá a tionchar le brath ar an Bhéarla a labhríonn muid. Fiu i nganfhios dúinn féin, tá muintir an oileáin bhig seo báite sa Ghaeilge.
Ar ndóigh, tá daonra na tíre ag athrú le blianta beaga anuas. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-imirceach inár measc. Tá na teangacha úra agus na gnéithe cultúir nua ag saibhriú agus ag bláthú ár gcultúir féin. Tá muid ag éirí níos ilchultúrthaí agus níos ilteangaí in aghaidh na bliana. Cúis cheiliúrtha é sin, go háirithe nuair a chuidíonn sé linn meas a chothú ar ár dteanga féin.
Dearbhaíonn Bunreacht na hÉireann stádas na Gaeilge mar chéad teanga an Stáit. Tá stádas oifigiúil aici anois san Aontas Eorpach. Tá tacaíocht an Stáit aici. Tá bá an phobail aici. Tá ionad ag an teanga i ngach réimse dár saol, agus í ag éirí níos feicealaí i rith an ama. Ach cén mhaith na rudaí sin ar fad mura bhfuil an teanga á labhairt? Beatha teanga á lábhairt, a deirtear, agus is fíor don seanfhocal.
Is maith a thuig muintir Fhoras na Gaeilge an méid sin nuair a chuir siad an scéim seo ar bun – scéim a thugann aitheantas do shárchleachtas i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge labhartha sna bunscoileanna agus sna scoileanna dara leibhéil ar fud na hÉireann. Is féidir le scoil ar bith sa tír, sa Tuaisceart nó sa Deisceart, ina múintear an Ghaeilge, agus a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc inti, cur isteach ar an scéim seo. Tháinig GLEO ar an saol sa bhliain 2006, mar scéim phíolóiteach, agus d’éirigh chomh maith leis gur chinn an Foras é a rith arís agus arís eile. I mbliana chuir daichead a ceathair scoil isteach air.
Déanaim comhghairdeas leis na scoileanna agus na daltaí go léir a ghlac páirt sa scéim GLEO i mbliana. Caitheadh dua mór chun an scéim a chur ar bun go rathúil in bhur scoileanna. Tá áthas orm go bhfuil na dea-chleachtais á roinnt in bhur measc thuaidh agus theas agus go bhfuil scoileanna na hÉireann ag foghlaim óna chéile.
Is léir go gcruthaíonn a bhfuil ar siúl ag GLEO dóchas do thodhchaí na Gaeilge agus is léir go gcabhróidh GLEO go mór leis an Ghaeilge a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Tréaslaím bhur ngradam libh, a chairde. Go maire scéim seo GLEO, agus go maire Foras na Gaeilge atá taobh thiar de.
Go raibh maith agaibh.
