Leabharlann na Meán

Óráidí

Beannachtaí na Nollag ón Uachtarán Áras an Uachtaráin 2007

Beannachtaí na Nollag ón Uachtarán Áras an Uachtaráin 2007

Agus muid anois ag druidim le dúluachair an gheimhridh bailíonn muid le chéile mar theaghlaigh agus mar chairde le go ndéanfaidh muid ceiliúradh ar thráth sin an athchló, tráth a raibh deireadh le “Roimhe” agus tús le “Ina Dhiaidh”, tráth a rugadh páiste i mBeithil, naíonán a chuir an domhan as riocht go hiomlán.

Tá athruithe móra in Éirinn faoi Nollaig na bliana seo.  Tá deireadh leis an “Roimhe” - an díráthú sin a bhain le síorlorg na síochána.  Céad fáilte roimh an tráth “Ina Dhiaidh”, tráth an Ghairdis, tráth na Síochána.  Feictear do mhuintir na hÉireann, agus do chairde na hÉireann ar fud na cruinne gurb é seo an Nollaig is dóchasaí a bhí againn le fada fada an lá.

Tá scéal na hÉireann curtha as riocht go hiomlán, a bhuíochas sin don ghlúin is fearr fadhb-réiteach riamh i stair na tíre.  Le rialú an Tuaiscirt tiomnaithe anois do mhuintir an Tuaiscirt ó Bhealtaine na bliana seo, agus leis an athrú ó chaismirt go comhaontú, tiocfaidh bláth ar an tsíocháin, agus ’sé rathúnas an t-ainm a bheas ar an bhláth sin.  Todhchaí gheal mar nach raibh riamh ag ár sinsir.

Le cion agus le buíochas a smaoiníonn muid ar na baill sin de theaghleach domhanda na nGael atá scaipithe ar fud na cruinne, cuid acu gan taifead sna Stáit Aontaithe.  Dóibh siúd, agus dá muintir sa bhaile, beidh an Nollaig seo dian agus uaigneach.  Smaoiníonn muid fosta ar ár gcuid oibrithe deonacha, ár misinéirí, ár dtaidhleoirí, ár muintir atá ar dualgas thar lear leis na seirbhísí slándála agus na fórsaí cosanta.  Iad ar fad i bhfad ó bhaile an Nollaig seo, agus cuid acu dá gcur féin i gcontúirt chun Cothrom na Féinne a bhaint amach dóibh siúd nach bhfuil sé acu.

Tá líon na nÉireannach nach Críostaithe iad ag dul i méid an t-am ar fad.  Tá súil agam go mbainfidh siad tairbhe as spiorad na carthanachta agus na síochána atá mar dhlúthchuid den ráithe speisialta seo.  Tá súil agam fosta go rachaidh an spiorad sin fá chroí ár muintire atá tinn, atá ar an imeall nó atá ag caoineadh na marbh.

Sa lá atá inniu ann bíonn cuid mhór againn mífhoighdeach agus ar bís le rudaí a chur ina gceart.  Am seo na Nollag tá an seans sin againn – le cinntiú go mbeidh Nollaig mhór mhaith againn féin, ag ár dteaghlaigh, ár gcomharsana, ár gcairde agus ár muintir.  Gura fada uainn gníomh ar bith a mhilleas an Nollaig ar aon duine.

Le breis agus dhá mhíle bliain tá muintir an domhain ag foghlaim caoine, féile agus séimhe ó scéal na chéad Nollag.  Is iad seo na bronntanais is fearr a thig linn a thabhairt, agus níl costas ar bith orthu.  Bronnaimid iad go fial nó is fearrde muid go mór á mbronnadh. 

Uaim féin agus ó Mháirtín, bíodh Nollaig mhór mhaith agaibh ar fad, agus bliain úr faoi mhaise agus faoi rath.